Is ceann tíre suite i gContae Loch Garman é Rinn Duáin. Tá an ceann tíre seo lonnaithe taobh leis an inbhear de chuid Cumar na dTrí Uisce. Tá Teach Solais lonnaithe ar an ceann tíre seo.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachRinn Duáin
Íomhá
CineálCeann tíre Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52°07′26″N 6°55′45″W / 52.1238°N 6.9291°W / 52.1238; -6.9291

Geolaíocht cuir in eagar

Is éard atá sa bhuncharraig ná dhá chineál carraige dríodraí: sean-ghaineamhchloch rua agus aolchloch. Tá sraith sean-ghaineamhchloch rua ag dul trasna na leithinise idir Broomhill agus Carnivan. Baineadh í seo as cairéal ag Herrylock ar feadh na gcéadta agus úsáideadh í chun clocha muillinn, trachanna uisce agus nithe eile a dhéanamh. Tá aolchloch charbómhar atá déanta as iontaisí ag ceann tíre Rinn Duáin féin. Dódh an aolchloch i go leor de na haitheanna aoil is féidir a fheiceáil ar fud na leithinise. Baineadh leas as an bpúdar aolchloiche chun caighdeán na hithreach a fheabhsú. Ina theannta sin, meascadh í le gaineamh chun moirtéal aoil a dhéanamh ar mhaithe le ballaí agus tithe a thógáil.[1]

  1. "Ceann de na tithe solais is sine ar domhan atá fós in úsáid". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-16. Dáta rochtana: 2022-12-14.