Próiseas bunúsach foghlama comhluadraí a fheictear in an-chuid inveirteabrach is veirteabrach. Faightear dhá chineál. I riochtú clasaiceach freagróra Pavlov, tugtar spreagadh éigin go barántúil ar dtús don ainmhí gan aon suntas bitheolaíoch, agus ina dhiaidh spreagadh eile le suntas bitheolaíoch (mar shampla, bia nó pian) a dhúisíonn freagairt neamhriochtaithe san ainmhí. Déantar an rud céanna arís is arís eile, agus de réir a chéile faightear freagairt cosúil leis an bhfreagairt neamhriochtaithe dhíreach mar thoradh ar an gcéad spreagadh (fiú gan an dara spreagadh ar chor ar bith). Is í seo an fhreagairt riochtaithe. Mar shampla, tarlaíonn seiliú, a dhúisítear de ghnáth le blaiseadh an bhia, nuair a fheiceann an t-ainmhí an bia nó a chloiseann sé na fuaimeanna ullmhaithe, fiú. I riochtú ionstraimeach nó oibríoch, déantar athrú sa ghníomh spreagtha go barántúil le suntas bitheolaíoch don ainmhí. Más gníomh é a mhéadaíonn toradh dearfach (mar shampla, bia) nó a laghdaíonn toradh diúltach (mar shampla, pian), déantar an gníomh sin níos minice ná roimhe. Más gníomh é a thugann toradh den saghas urchomhaireach, déantar an gníomh níos annaimhe. Mar shampla, fanann an taighdeoir ar cholúr go roghnaíonn an colúr réad ar dhath ar leith ó ghrúpa réada, agus ansin tugann duais bia dó as an roghnú randamach sin. Déantar an turgnamh céanna arís is arís eile, agus de réir a chéile roghnaíonn an colúr an dath fabhrach níos minice ná aon cheann eile.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Riochtú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 561.