Roddy Connolly

polaiteoir Éireannach

Polaiteoir sóisialach Éireannach ab ea Roddy Connolly (11 Feabhra 1901 – 16 Nollaig 1980).[1]

Infotaula de personaRoddy Connolly
Beathaisnéis
Breith11 Feabhra 1901
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Nollaig 1980
79 bliana d'aois
Bré, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse ghoile)
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
23 Aibreán 1975 – 22 Meitheamh 1977
Téarma parlaiminte: 13ú Seanad Éireann

Teachta Dála
18 Feabhra 1948 – 2 Bealtaine 1951 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 13ú Dáil

Toghcheantar:

Teachta Dála
1 Iúil 1943 – 10 Bealtaine 1944 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 11ú Dáil

Toghcheantar:

Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairSéamus Ó Conghaile
SiblínNora Connolly O'Brien

Mac leis an sóisialach Éireannach Séamus Ó Conghaile agus Lillie Connolly (née Reynolds) a bhí ann. Bhí sé ina leifteanant i gcór ógra Arm Cathartha na hÉireann agus bhí baint aige le hÉirí Amach na Cásca 1916 agus gan é ach 15 bliana d'aois.[2] Throid sé in Ard-Oifig an Phoist faoi cheannas a athar. Chuaigh sé isteach i bPáirtí Sóisialach na hÉireann i 1917.

Thug Connolly cuairt ar an Rúis roinnt uaireanta i 1920 agus 1921, agus bhí caidreamh aige le Vlaidímír Leinín, fear a d'fhág lorg an-mhór ar Connolly. Bhí sé ina thoscaire ar an Dara Comhdháil de chuid an Idirnáisiúnaí Chumannaigh (Comintern) mar thoscaire d’ Oibrithe Tionsclaíocha an Domhain i Meitheamh 1920. Ba anseo a chuir John Reed in aithne do Leinín é. Dar le Connolly, labhair Lenin Béarla le blas Ráth Maonais toisc gurbh as Éirinn a theagascóir Béarla.[3][4][5]

Chabhraigh sé le bunú Pháirtí Cumannach na hÉireann (PCÉ) agus ba é an chéad uachtarán ar an bpáirtí i mí Dheireadh Fómhair 1921. Bhí sé ina eagarthóir ar nuachtán an pháirtí, The Workers' Republic. Chuir sé i gcoinne an Chonartha Angla-Éireannaigh, agus throid sé i gCogadh Cathartha na hÉireann ar an taobh frithchonartha. Ba é PCÉ an chéad pháirtí polaitíochta in Éirinn a chuir i gcoinne an Chonartha agus d’impigh sé ar an IRA beartais shóisialacha a ghlacadh chun rialtas nua Shaorstát na hÉireann a chloí. Dhíscaoil an Comintern PCÉ i 1924, ach i 1926 chabhraigh Connolly le páirtí Marxach eile a bhunú, Páirtí Oibrithe na hÉireann. Ba é Connolly ceannaire an pháirtí agus eagarthóir ar irisleabhar an pháirtí, The Hammer and Plough. Díscaoileadh an páirtí seo freisin, i 1927.

Chuaigh Connolly isteach i bPáirtí Lucht Oibre na hÉireann i 1928, agus i 1934 ghlac sé páirt sa tionscnamh sóisialach deireanach in Éirinn idir an dá chogadh domhanda, Comhdháil Phoblachtánach na hÉireann.[6] Cuireadh i bpríosún faoi dhó é i 1935. In olltoghchán 1943, toghadh Connolly chun na Dála mar Theachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre do . Chaill sé a shuíochán in olltoghchán 1944, ach atoghadh é in olltoghchán 1948, sular chaill sé arís in olltoghchán 1951.[7] Bhí Connolly ina rúnaí airgeadais don pháirtí ó 1941 go 1949 freisin.

Bhí Connolly ar scor, nó ar leathscor b'fhéidir, idir lár na 1950idí agus lár na 1960idí, ach ag deireadh na 1960idí, rinne sé teacht aniar. Toghadh ina chathaoirleach ar an bpáirtí é i 1971, agus bhí an post seo aige go dtí 1978. Le linn a thréimhse mar chathaoirleach, rinne Connolly maoirsiú ar dhíbirt Chomhghuaillíocht Shóisialach an Lucht Oibre i 1971.[1] Bhunaigh cuid de bhallraíocht an pháirtí sin Líonra na nOibrithe Sóisialacha, ónar fhás Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús ar deireadh thiar.

Shuigh Connolly i Seanad Éireann ó 1975 go 1977 ar an Rolla Saíochta agus Oideachais.[8] Thacaigh sé leis an gcomhrialtas idir Páirtí an Lucht Oibre agus Fine Gael a bhí i gcumhacht ó 1973 go 1977,[9] agus chosain sé an comhrialtas ó cháineadh ón eite chlé trí mheabhrú dóibh go raibh a athair i gcomhghuaillíocht le leithéidí Phádraig Mac Piarais i 1916.[1]

Fuair Connolly bás in Ospidéal Naomh Mícheál, Dún Laoghaire, i mí na Nollag 1980. Bhí niúmóine agus ailse an ghoile araon air. Cuireadh Connolly i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath.[10]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 White, Lawrence William (Deireadh Fómhair 2009). “Connolly, Roderic James ('Roddy')”. Dictionary of Irish Biography. Dáta rochtana: 18 Lúnasa 2022.
  2. Tim Pat Coogan (2005). "1916: The Easter Rising". Phoenix. 
  3. John Riddell (ed.), Workers of the World and Oppressed Peoples, Unite! Proceedings and Documents of the Second Congress, 1920: Volume 2. New York: Pathfinder Press, 1991; pg. 841.
  4. McMahon, Paul (2008). "British Spies and Irish Rebels British Intelligence and Ireland, 1916-1945". Boydell & Brewer. 
  5. McGuire, Charlie (2008). "Roddy Connolly and the Struggle for Socialism in Ireland". Cork University Press. 
  6. MacEoin, Uinseann (1997), The IRA in the Twilight Years 1923-1948, Argenta Publications, Dublin, pg 26, ISBN 0951117246
  7. Roderick Connolly”. ElectionsIreland.org. Dáta rochtana: 15 Nollaig 2008.
  8. Roderick Connolly”. Oireachtas Members Database. Dáta rochtana: 15 Nollaig 2008.
  9. Morgan, Austen (1988). "Connolly and Connollyism: The Making of a Myth". The Irish Review (5): 44–55. doi:10.2307/29735380. JSTOR 29735380. 
  10. Roderick James Connolly”. geni.com (11 Feabhra 1901). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Bealtaine 2021. Dáta rochtana: 29 Bealtaine 2021.