Scríbhneoir Astrálach is ea Rodney Hall (Ord na hAstráile) (rugadh ar an 18 Samhain 1935).

Infotaula de personaRodney Hall
Beathaisnéis
Breith18 Samhain 1935
88 bliana d'aois
Solihull, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Queensland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht na hAstráile agus ficsean Astrálach
Gairmscríbhneoir, úrscéalaí, file Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraÚrscéal, filíocht agus aiste
TeangachaBéarla na hAstráile agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Discogs: 4901209 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha agus saothar cuir in eagar

Rugadh Hall in Solihull, Warwickshire, Sasana, agus tháinig sé chun na hAstráile tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Chuir an teaghlach fúthu in Brisbane, áit a raibh gaolta lena mháthair ina gcónaí. Cuireadh oideachas air in Brisbane Boys’ College, ach d’fhág sé nuair a bhí sé sé bliana déag agus chuaigh ag obair mar mhionchléireach.

Bhí suim mhór aige i gceol, agus chuir sé aithne ar John Manifold, ceoltóir, scríbhneoir agus béaloideasaí. Chuaigh sin i bhfeidhm air i gcúrsaí litríochta, cultúir agus polaitíochta, agus chuir Manifold in aithne do roinnt scríbhneoirí iomráiteacha é. Orthu sin bhí an scríbhneoir Bundúchasach Kath Walker (Oodgeroo Noonuccal), duine ba chúis le hé a bheith páirteach san fheachtas ar son cearta Bundúchasacha.[1]

Sna 1960idí chuaigh Hall i gceann Céim Baitsiléara (le ceol mar mórábhar) in Ollscoil Queensland. Bhuail sé le Judith Wright, bean a raibh buanchaidreamh aici uirthi de thoradh na suime a bhí acu araon i gcearta Bundúchasacha, cúrsaí timpeallachta agus filíocht.[1]

Sna 1960idí a thosaigh sé ag obair mar shaorscríbhneoir agus mar leirmheastóir leabhar agus scannán. Scríobh sé roinnt mhaith scripteanna don Australian Broadcasting Commission agus bhíodh sé ag obair mar aisteoir. Idir 1967 agus 1978 bhí sé ina eagarthóir filíochta ar The Australian.[2] Thosaigh sé ag foilsiú filíochta sna 1970idí agus tá ceithre úrscéal déag foilsithe aige. Idir 1991 agus 1994 bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhairle na hAstráile.[3]

Tá sé ina chónaí in Victoria. Ceapadh é mar bhall d’Ord na hAstráile in 1990 as “service to the Arts, particularly in the field of literature".[4]

Ba é comhbhunaitheoir an Australian Summer School of Early Music in Canberra.

Gradaim cuir in eagar

The Miles Franklin Award Just Relations, 1982
The Grisly Wife, 1994
Captivity Captive, ar an liosta in 1989
The Second Bridegroom, ar an liosta in 1992
The Day We Had Hitler Home, ar an liosta in 2001
Love Without Hope, ar an liosta in 2008
A Stolen Season, ar an liosta in 2019[5]
Victorian Premier's Literary Award Captivity Captive, The Vance Palmer Prize for Fiction, 1989
The Age Book of the Year The Island in the Mind, Fiction Prize, ar an liosta in 1996
Australian Literature Society Gold Medal The Second Bridegroom, 1992
The Day We Had Hitler Home, 2001
NBC Banjo Awards Captivity Captive, NBC Banjo Award for Fiction, ar an liosta in 1989
The Grisly Wife, NBC Banjo Award for Fiction, ar an liosta in 1994
The Island in the Mind, NBC Banjo Award for Fiction, ar an liosta in 1997
FAW Barbara Ramsden Award Just Relations, Book of the Year, 1982
FAW ANA Literature Award Just Relations, 1982
Grace Leven Prize for Poetry A Soapbox Omnibus, 1973
Adelaide Festival Awards for Literature A Stolen Season, ar an liosta in 2019

Liosta leabhar cuir in eagar

Úrscéalta cuir in eagar

  • The Ship on the Coin (1972)
  • A Place Among People (1975)
  • Just Relations (1982)
  • Kisses of the Enemy (1987)
  • Captivity Captive (1988)
  • The Second Bridegroom (1991)
  • The Grisly Wife (1993)
  • The Island in the Mind (1996)
  • The Day We Had Hitler Home (2000)
  • The Last Love Story (2004)
  • Love Without Hope (2007)
  • A Stolen Season (2018)

Filíocht cuir in eagar

  • The Climber (1962)
  • Penniless Till Doomsday (1962)
  • Forty Beads on a Hangman's Rope (1963)
  • Eyewitness (1967)
  • The Autobiography of a Gorgon (1968)
  • The Law of Karma (1968)
  • Australia (1970)
  • Heaven, In a Way (1970)
  • A Soapbox Omnibus (1973)
  • Selected Poems (1975)
  • Black Bagatelles (1978)
  • The Most Beautiful World (1981)
  • The Owner of My Face: New and Selected Poems (2002)
  • The public turns to its hero (?)
  • Dark Afternoons She Spent (1968)

Ficsin cuir in eagar

  • Silence (2011)

Polaitíocht cuir in eagar

  • Abolish the States! (1998)

Neamhfhicsean cuir in eagar

  • Focus on Andrew Sibley (1968)
  • J. S. Manifold: An Introduction to the Man and His Work (1978)
  • Australia - Image of a Nation 1850-1950 (1983) (téacs bailiúcháin grianghrafanna)
  • Home: Journey Through Australia (1988)

Féinbheathaisnéis cuir in eagar

  • Popeye Never Told You (2010)

Eagrathóir cuir in eagar

  • New Impulses in Australian Poetry (1968) in éineacht le Thomas Shapcott
  • Australian Poetry 1970 (1970)
  • Poems from Prison (1973)
  • Australians Aware (1975) (cnuasach dánta agus pictiúr)
  • Voyage into Solitude (1978) (cnuasach d’fhilíocht Michael Dransfield)
  • The Second Month of Spring (1980) (cnuasach d’fhilíocht Michael Dransfield)
  • The Collins Book of Australian Poetry (1981)
  • Michael Dransfield Collected Poems (1987)

Nótaí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-01-30. Dáta rochtana: 2020-01-30.
  2. http://www.nla.gov.au/ms/findaids/4834.html#bioghist1 National Library of Australia
  3. Head, Dominic (2006). "The Cambridge Guide to Literature in English". Cambridge University Press. 
  4. "Rodney Hall".
  5. "'Try being a Leb': Author from Punchbowl shortlisted for Miles Franklin" (en-AU).