Roibeard Shipboy Mac Ádhaimh

fear gnó Preispitéireach agus gníomhaí ar son na Gaeilge

Duine de Ghaeilgeoirí móra Preispitéireacha Oirthear Uladh ab ea Roibeard Shipboy Mac ÁdhaimhRobert Shipboy McAdam (1808-1895).[1][2] Saolaíodh i mBéal Feirste é, agus b'iad a thuismitheoirí James MacAdam, tráchtálaí crua-earraí, agus Jane Shipboy nó Shipbuoy ó Chúil Raithin.

Infotaula de personaRoibeard Shipboy Mac Ádhaimh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1808
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Eanáir 1895
86/87 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síForas Ollscolach Bhéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, seandálaí, béaloideasóir Cuir in eagar ar Wikidata
College Square East, Béal Feirste

Saol cuir in eagar

 
Academical Institute

Fuair Roibeard óg cuid dá oideachas in Institiúid Acadúil Bhéal Feirste, ach is é an chuma atá ar an scéal gur fear féinteagasctha a bhí ann, an chuid is mó. Is dócha nach raibh sé á thógáil le Gaeilge, ach mar sin féin, bhí an teanga agus cuid mhór amhrán ag a uncail. Deir Ó Buachalla go raibh an Ghaeilge timpeall air i ngach aon treo agus é ag fás suas, ar scoil, sa tsráid, i measc a chomharsan agus a chairde agus i measc a mhuintire féin.

Nuair a bhí an scoil críochnaithe aige, chuaigh Roibeard ag cabhrú lena athair i gcúrsaí gnó mar phrintiseach, ach fuair James bás nuair nach raibh a mhac ach ina ghearrstócach trí bliana déag.

 
Cuimhneachán, Cnoc Bríde (Knockbreda), Béal Feirste

A luaithe a d’fhág sé an scoil bhí sé de chúram ar Roibeard bheith ag taisteal Chúige Uladh ag díol earraí iarainn, agus sa taisteal dó is ea a bhailíodh sé lámhscríbhinní, béaloideas agus amhráin. Sa bhliain 1835, hunaigh Roibeard agus a dheartháir James monarcha, an Soho Foundry.

Thaistil sé Cúige Uladh ar fad ar lorg oibre nó slí bheatha de chineál éigin.

Bhí an Ghaeilge go géar de dhíobháil air ar a chamruathar, ós rud é gurb í an t-aon teanga amháin a bhí á labhairt i gcuid mhór de na háiteanna a ghnáthaigh sé.

D'fhoghlaim sé caint na ndaoine go paiteanta, agus tháinig tuiscint aige ar fhiúntas cultúrtha na teanga. Mar sin, thosaigh sé ag bailiú lámhscríbhinní agus seanscéalta Gaeilge. B'eisean a chuir i dtoll le chéile an chéad díolaim de sheanscéalta Gaeilge na cosmhuintire.

Sa bhliain 1835, chuir Mac Ádhaimh agus Tomás Ó Fiannachtaigh graiméar ar fáil.[3]

Ba iad Mac Ádhaimh agus a dheartháir a bhunaigh an Ulster Journal of Archaeology sa bhliain 1853.

Theip ar an monarcha sa deireadh agus bhí Mac Ádhaimh bochtaithe go mór faoin am a fuair sé bás. Ní raibh i láthair ag a shochraid go reilig Chnoc Bríde ach a ghaolta agus cúpla duine eile.

Foinsí cuir in eagar

  • A.J. Hughes - Robert Shipboy MacAdam (1808-95): his life and Gaelic proverb collection (1998).

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC ÁDHAIMH, Roibeard (1808–1895) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. http://www.mcadamshistory.com/tiki-read_article.php?articleId=377
  3. An introduction to the Irish language intended for the use of the Irish classes in the Royal Belfast Academical Institution (1835).