Is dúil cheimiceach shintéiseach é an rointginiam. 111 an uimhir adamhach, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Rg. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha go léir, is dúil éagobhsaí radaighníomhach é, agus ní féidir mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha, toisc go dtagann meath radaighníomhach air chomh tiubh. Is é an t-iseatóp is fadsaolaí atá ag an rointginiam ná Rg-282, nó is í an leathré atá aige ná 100 soicind. Ba iad na taighdeoirí san Institut für Schwerionenforschung, an Insttiúid um Thaighde ar na Tromiain, in Darmstadt sa Ghearmáin a ghin an chéad adamh rointginiam sa bhliain 1994, agus fuair an dúil an t-ainm atá uirthi inniu sa bhliain 2004. Tagairt atá ann do Wilhelm Conrad Röntgen, an t-eolaí Gearmánach a rinne fionnachtain na n-x-ghathanna (ina lán teangacha tugtar "radaíocht Röntgen" ar na gathanna céanna).

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachRointginiam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Rointginiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachRg agus Uuu
Uimhir adamhach111
Peiriad, Grúpapeiread 7
Dúil Ghrúpa 11
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirGSI Helmholtz Centre for Heavy Ion Research (en) Aistrigh
Fionnachtain8 Nollaig 1994
EapainmWilhelm Conrad Röntgen

Tagairtí cuir in eagar