Irisleabhar Meiriceánach coicísiúil is ea Rolling Stone a dhíríonn ar an gcultúr coitianta. Jann Wenner, foilsitheoir ar an irisleabhar go dtí inniu féin, agus Ralph J. Gleason, criticeoir ceoil, a bhunaigh an foilseachán in San Francisco sa bhliain 1967. Aithníodh é ar dtús as an tuairisciú ceoil san iris agus as tuairiscí polaitíochta le Hunter S. Thompson. Sna 1990idí d'athraigh an iris a fócas ar dhaoine níos óige agus ar na seónna teilifíse, aisteoirí scannáin agus popcheol a thaitin leo, dar le foilsitheoirí na hirise. Le blianta beaga anuas, tá Rolling Stone tagtha ar ais chuig an meascán d'ábhair a bhí acu roimh na '90idí. Tá cló foilsitheoireachta i gcomhair leabhar acu freisin darb ainm Rolling Stone Press.

Lógó Rolling Stone
2004.

Naisc sheachtracha cuir in eagar