Ron Asheton

ceoltóir Meiriceánach (1948-2009)

Ba ghiotáraí, dordghiotáraí agus cumadóir rac-cheoil é Ron Asheton (17 Iúil, 1948 - 6 Eanáir, 2009). Meiriceánach as Ann Arbor, Michigan a bhí ann, agus bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna The Stooges, in éineacht le Iggy Pop, sa bhliain 1967. Sheinn sé an giotár ar na chéad dá albam a sheol an grúpa, ach don tríú halbam Raw Power ghlac James Williamson a áit mar ghiotáraí agus d'athraigh Asheton go dtí an dordghiotár. Nuair a tháinig The Stooges ar ais le chéile sa bhliain 2003, d'fhill Asheton ar a shean-uirlis.

Infotaula de personaRon Asheton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Ronald Franklin Asheton
17 Iúil 1948
Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Eanáir 2009
60 bliana d'aois
Ann Arbor, Michigan, Michigan Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Pioneer Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmgiotáraí, cumadóir amhrán, aisteoir, liriceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1963 –
Ball de
SeánraPunc-rac agus rac-cheol crua
TeangachaBéarla
UirlisGiotár
Lipéad ceoilVirgin Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínScott Asheton

IMDB: nm0038916 Allmovie: p238854
Musicbrainz: a10c8616-cdc3-4fd1-a0fa-bc35a6514168 Songkick: 2788331 Discogs: 310484 Allmusic: mn0000057513 Find a Grave: 32683168 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá deartháir Asheton ina bhall den bhanna céanna mar dhrumadóir (Scott Asheton).

Fuair Asheton bás sa bhaile in Ann Arbor. Taom croí a bhí i gceist.

Tagairtí cuir in eagar