Ros Muc

ionad daonra i gContae na Gaillimhe

Ros Muc[1] (Rosmuck as Béarla) suite ar chósta thiar na hÉireann, i gContae na Gaillimhe i lár Ghaeltacht Chonamara. Tá paróiste na Ceathrún Rua suite ar an taobh ó dheas agus paróiste Charna ar an taobh thiar. Ón tSean-Ghaeilge a thagann an logainm Ros Muc. Ciallaíonn ros "leithinis" agus muc "cnoc ciorclach"; mar sin, ciallaíonn Ros Muc "leithinis na gcnoc ciorclach".

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRos Muc

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°21′01″N 9°36′57″W / 53.35028°N 9.61583°W / 53.35028; -9.61583
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe
Toghroinn cheantairAn Turlach
Baile fearainnRos Muc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde1 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1413606

Meastar gur tháinig na chéad daoine chun an cheantair sa bhliain 400 AD, 100 bliain sular shroich an Chríostaíocht an áit le Naomh Briocánt. Mar sin, tá daoine i Ros Muc le 1500 bliain ar a laghad.

Is í an Ghaeilge an teanga is mó a labhraítear sa cheantar agus Gaeilge Ros Muc atá i gceist léi. Deir na staitisticí ó thoghcheantar an Turlaigh, Ros Muc, gurb é Ros Muc an ceantar is láidre Gaeltachta sa tír. Labhraíonn 91.9% de dhaoine fásta os cionn naoi mbliana déag d'aois an teanga ar bhonn laethúil. Tá timpeall 500 duine ina gcónaí i Ros Muc. Bhí titim sa daonra ar feadh 30 bliain, agus an eisimirce mar phríomhchúis. Thosaigh fás ag teacht ar an daonra arís le teacht an Tíogair Cheiltigh, áfach.

Tá coláistí samhraidh darb ainm Spleodar agus Coláiste na bhFiann suite ann. Bhí teach samhraidh ag Pádraig Mac Piarais, áit ar féidir cuairt a thabhairt air, sa cheantar chomh maith.

Bailte fearainn cuir in eagar

Gleann Chatha, An Gort Mór, Inbhear, Turlach, Ros Dubh, An Tamhnaigh Bhig, Snámh Bó, Cill Bhriocáin, An Aill Bhuí, An tOileán Mór, An Turlach Beag, Salalaoi, An Baile Thair, An Siléar, Inis Eilte, An Cladhnach, Cladach ó Dheas, Gairfean, Ros Cíde, Doire Iorrais

Spórt cuir in eagar

Tá na Piarsaigh, cumann peile an cheantair, lonnaithe i Ros Muc. Imríonn daoine as Ros Muc, Camus agus An Sraith Salach i gConamara leis an bhfoireann. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1959. Is iad Marún agus Uaine a ndathanna. Ní raibh páirc imeartha ar bith acu ar dtús, ach rinneadh ceann ar shuíomh trasna ó scoil Ros Muc ar an nGort Mór. Tá an pháirc seo réitithe anois agus seastán agus seomraí feistis leis. Tá sé ar intinn ag Club Dornalaíochta Ros Muc halla agus giomnáisiam a thógáil ar an suíomh. Ba i Ros Muc a bhí an gcuid is mó de na cluichí ceannais i gComórtas Peile na Gaeltachta ar siúl sa bhliain 2009.

 
Teach an Phiarsaigh

Daoine cáiliúla ón gceantar cuir in eagar

Tá 30 duine a luaitear sna leabhair Beathaisnéis a bhfuil nasc éigin acu le Ros Muc agus rugadh agus tógadh an mhórchuid acu ann. Chaith dream eile acu sealanna ann ag cur snas a gcuid Gaeilge. Is é is cáiliúla astu sin a chaith tamall ann ná an Piarsach a chuir óráid cháiliúil Uí Dhonnabháin Rossa i dtoll a chéile ann, an chaint úd a chuir an lasair sa bharrach.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar