Rose Heilbron

breitheamh Briotanach

Ceannródaí ar son na mban i measc abhcóidí agus breithiúna Shasana agus na Breataine Bige ab ea Rose Heilbron (19 Lúnasa 19148 Nollaig 2005),agus an chéad bhreitheamh mná ina suí sa Sean-Bhábhún (sa bhliain 1972).[1]

Infotaula de personaRose Heilbron

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Lúnasa 1914
Learpholl, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Nollaig 2005
91 bliana d'aois
Islington, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Learphoill
The Belvedere Academy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas
Gray's Inn

Saol cuir in eagar

Rugadh Rose Heilbron i Learpholl ar (19 Lúnasa 1914. Óstánaí Giúdach ab ea a hathair, Max Heilbron.

D'fhreastail sí ar Ollscoil Learphoill, agus ba ea í an chéad bhean a bhain céim sa Dlí amach le céadonóracha, sa bhliain 1935.

Bhí sí mar dhuine den chéad bheirt bhan ar ar glaodh chun an Bharra Laistigh riamh, agus an chéad bhean a bhí ina príomhabhcóide (ar son an chosantóra) i dtriail dúnmharaithe ab ea í.

 
Old Bailey - An Seanbhábhún

Sa bhliain 1956 a ceapadh ina Cláraitheoir í (an chéad bhean a raibh an post sin aici). Ansin sa bhliain 1957 ceapadh ina Coimisinéir Seisiúin (an chéad bhean arís).

Baineadh garsprioc ríthábhachtach i stair dhlí Shasana amach ar 4 Eanáir 1972 nuair a bhí Heilbron ina suí sa Sean-Bhábhún, an Phríomh-Chúirt Choiriúil le haghaidh Shasana agus na Breataine Bige, an chéad bhreitheamh mná san áit sin riamh. Ceapadh ina breitheamh den Ard-Chúirt dhá bhliain dár gcionn.

Bhí Heilbron ina breitheamh ceannais ar an gCuaird Thuaisceartach ó 1979 go 1982. Chuaigh sí ar scor sa bhliain 1988.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Rose Heilbron" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-01-04.