Fonsa a chasann ar acastóir is ea roth (roth rothair, roth stiúrtha, roth muilinn). Is minic brí mheafarach leis: rothaí an tsaoil, d'iompaigh an roth air agus mar sin.

Roth ar thaispeáint in Iarsmalann na hIaráine in Tehran. Is ón dara aois roimh Críost an roth seo.

Iompar cuir in eagar

Tá formhór na gcóracha iompair talún i dtaobh leis ar an roth chun imeacht. Bíonn rothaí faoi rothair, faoi thraenacha, faoi ghluaisteáin agus faoi thrucailí. Bíonn eitleáin i muinín rothaí agus iad ag tuirlingt ar rúidbhealach.

Is é an fáth ar féidir le roth casadh chomh tapa sin nach bhfuil uillinn air.

Muilte cuir in eagar

Baineadh leas as rothaí i muilte freisin. Bíonn roth muillinn sna muilte chun cruithneacht, eorna, coirce, arbhar agus gránaigh eile a mheilt le haghaidh plúir. Chuireadh sruth uisce roth muilinn ag gluaiseacht, cé go mbaintear feidhm as aibhléis anois chuige.