Is fuirseoir, láithreoir teilifíse agus aisteoir Sasanach é Russell Edward Brand (a rugadh in Essex ar an 4 Meitheamh 1974).

Infotaula de personaRussell Brand

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Russell Edward Brand
4 Meitheamh 1975
48 bliana d'aois
Grays, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Hiondúchas
Scoil a d'fhreastail sé/síItalia Conti Academy of Theatre Arts (en) Aistrigh
Drama Centre London (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheLos Angeles
Shoreditch
Henley-on-Thames
Airde1.85 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht, gníomhaíochas, druga, coiméideach, gníomhaíocht liteartha, dírbheathaisnéis agus coiméideach
Gairmaisteoir, iriseoir, cruthaitheoir YouTube, dírbheathaisnéisí, blagálaí, scríbhneoir scripte, aisteoir scannáin, fuirseoir ar a boinn, aisteoir teilifíse, giotáraí, léiritheoir teilifíse, drámadóir, file, láithreoir teilifíse, fuirseoir, colúnaí, ceoltóir, léiritheoir scannáin, amhránaí, pearsa raidió, úrscéalaí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1994 –
TeangachaBéarla Sasanach agus Béarla
UirlisCeol gutha
Teaghlach
CéileKaty Perry (2010–2012), colscaradh
Laura Gallacher (2017–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíJemima Goldsmith (2013–2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Veu de Russell Brand Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinrussellbrand.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1258970 Allocine: 186091 Rottentomatoes: celebrity/russell_brand Allmovie: p364780 TCM: 11190504 TV.com: people/russell-brand
Facebook: RussellBrand Twitter: rustyrockets Instagram: russellbrand Youtube: UCswH8ovgUp5Bdg-0_JTYFNw TikTok: russellbrand Musicbrainz: 873c3af1-ae2a-489d-a424-23c2406a8dda Songkick: 102195 Discogs: 1825491 Allmusic: mn0000995799 Cuir in eagar ar Wikidata

Fear mór ban atá ann agus sa bhliain 2023, líomhnaíodh go ndearna Brand ionsaithe gnéis ar roinnt ban, éigniú san áireamh.[1][2] Bhain na cúiseanna le heachtraí a tharla, más fíor, thar roinnt mhaith blianta nuair a bhí Brand i mbarr a réime. Ba sa tréimhse sin, sna 2000idí, a bhíodh Brand le cloisteáil go minic ar raidió, le feiceáil ar an teilifís agus ag aisteoireacht i scannáin.[3]

2008
2014

Gairm cuir in eagar

Fuirseoireacht ar na boinn cuir in eagar

 
2014

Bhí a chéad seó grinn mór le rá ag Russell nuair a ghlac sé páirt i gcomórtas grinn, The Hackney Empire New Act of the Year, sa bhliain 2002. Níor bhuaigh sé ach spreag sé suim John Noel, gníomhaire a bhí i láthair ag an ócáid. Bhí a chéad chamchuairt náisiúnta aige i 2006, Shame an t-ainm a bhí air, a bhí bunaithe ar scéalta náireacha a tharla dó. Ó shin tá cur i láthair déanta aige i Little Britain Live agus The Secret Policeman's Ball chomh maith le camchuairt náisiúnta eile i 2007.

Láithreoir teilifíse cuir in eagar

Thosaigh Russell a ghairm teilifíse ar MTV ach chaill sé a phost i 2001 toisc gur ghléas sé suas mar Osama bin Laden an lá i ndiaidh 9/11.

Sa bhliain 2002 rinne sé RE:brand ar stáisiún satailíte UK Play, i ngach eagrán rinne sé gníomh sáraithe geise. Sa bhliain 2004 thosaigh sé mar láithreoir ar E4, agus seó darbh ainm Big Brother's Big Mouth. D'fhág sé an clár i 2007 ach ghlac sé páirt i Big Brother Celebrity Hijack i 2008.

Níor éirigh rómhaith le clár eile a bhí aige ar E4 darbh ainm Russell Brand's Got Issues, níor mhair ach sraith amháin. Rinne sé clár grinn ar na boinn darbh ainm Ponderland ar Channel 4 i 2007, tosóidh an dara sraith sa gheimhreadh 2008.

Aisteoireacht cuir in eagar

Bhí páirt ag Russell sa dráma coirscéalta The Bill, chomh maith leis an gclár grinn The Abbey i 2007. Bhí a chéad ról mór le rá aige sa scannán Hollywood 2008 Forgetting Sarah Marshall, fuair sé léirmheasanna iontacha dá pháirt agus d'éirigh sé i bhfad níos cáiliúla i Meiriceá. Bhí mionpháirt aige sa scannán Penelope sa bhliain 2007 chomh maith le ról i St. Trinians mar Flash Harry. Bhí ról eile aige sa scannán Bedtime Stories le Adam Sandler.

Raidió cuir in eagar

Thosaigh gairm Russell ar an raidió i 2002 ar Xfm. Ach chaill sé a phost toisc gur léigh sé ábhar pornagrafach ar an aer. In Aibreán 2006 fuair sé post ar BBC 6Music. Bhog sé thall go BBC Radio 2 i mí na Samhna den bhliain chéanna. Mheall an clár 2 milliún éisteoir. Tugadh an bóthar dó sa bhliain 2008.

Conspóidí cuir in eagar

Fear mór ban atá ann. Bronnadh "Shagger of the Year" air sa bhliain 2006 agus arís in 2007. Bhí Brand pósta le Katy Perry ó 23 Deireadh Fómhair 2010 go dtí Iúil 2012.

Bhí, nó tá, Brand tugtha don hearóin.

Sa bhliain 2023, líomhnaigh na nuachtáin lathaí i Sasana go ndearna Brand ionsaithe gnéis ar roinnt ban, éigniú san áireamh (lena n-áirítear cailín scoile 16 bliana d'aois).[1] Shéan Brand na líomhaintí ar fad a bhí ina choinne. Ach chuir an BBC tús le imscrúdú agus chuir Channel4 cosc láithreach ar a chuid cláir.[2] D'fhógair Póilíní Cathrach Londain go raibh fiosrúcháin seolta ag bleachtairí. Thug Andrew Tate agus Elon Musk, banaithe eile, tacaíocht do Brand.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Gradaim cuir in eagar

  • PETA Europe
    • Europe's Sexiest Vegetarian 2006[12]
    • Europe's Sexiest Vegetarian 2007[13]
    • World's Sexiest Vegetarian 2007[13]
  • Channel 4's 100 Greatest Stand-Ups
    • 69ú
  • The Sun
    • Shagger of the Year 2006
    • Shagger of the Year 2007

Obair Roghnaithe cuir in eagar

Cláir cuir in eagar

DVDs cuir in eagar

  • Russell Brand: Live (2006)
  • Russell Brand: Doing Life (2007)

Scannáin cuir in eagar

Dlúthdhioscaí cuir in eagar

Leabhair cuir in eagar

  • My Booky Wook (2007)
  • Irons in the Fire (2007)
  • Articles of Faith (2008)

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Kevin Rawlinson, Nadeem Badshah (2023-09-16). "Russell Brand accused of rape, sexual assault and emotional abuse" (en-GB). The Observer. Dáta rochtana: 2023-09-17.
  2. 2.0 2.1 extrag.ie (2023-09-18). "Cuireann an BBC tús le himscrúdú i Russell Brand" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-09-18.
  3. Nuacht RTÉ (2023-09-17). "Cúiseanna tromchúiseacha i gcoinne Russell Brand" (as ga-IE). 
  4. "Russell Brand: Elon Musk and Andrew Tate join fans reacting to allegations - as BBC 'urgently looking into issues'" (en). Sky News. Dáta rochtana: 2023-09-18.
  5. "20th Time Out Live Awards Winners - Comedy". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-08-21. Dáta rochtana: 2008-09-04.
  6. McCartney is GQ's Man of the Year
  7. Bond actor is 'most stylish' star
  8. "Russell Brand named 'worst-dressed man'". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-09-22. Dáta rochtana: 2008-09-04.
  9. "Loaded Laftas". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-06-03. Dáta rochtana: 2008-09-04.
  10. Little Britain's big win
  11. Broadcasting Press Guild
  12. "Fearne Cotton and Russell Brand Voted 'Sexiest Vegetarians'". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-17. Dáta rochtana: 2008-09-04.
  13. 13.0 13.1 "Fiona Phillips and Russell Brand Named PETA Europe's Sexiest Vegetarian Celebrities of 2007". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-10. Dáta rochtana: 2008-09-04.
  14. Richard & Judy11 Iúil 2008