Ruth Dudley Edwards

scríbhneoir agus staraí Éireannach

Iriseoir, staraí, craoltóir agus úrscéalaí coireachta Éireann is ea Ruth Dudley Edwards, a rugadh ar 24 Bealtaine 1944, i mBaile Átha Cliath. "Staraí athbhreithnitheach" a thugann sí uirthi féin.[1][2][3] Foilsítear a cuid shaothar i bPoblacht na hÉireann agus sa Ríocht Aontaithe araon. I measc post eile atá aici, is colúnaí í leis an Irish Sunday Independent (Ireland).

Infotaula de personaRuth Dudley Edwards
Beathaisnéis
Breith24 Bealtaine 1944
79 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Wolfson
Coláiste Girton Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, scríbhneoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairRobert Dudley Edwards
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinruthdudleyedwards.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: RuthDE Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

Rugadh agus tógadh Ruth Dudley Edwards i mBaile Átha Cliath agus oileadh í i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Coláiste Girton, Cambridge, agus Coláiste Wolfson, Cambridge. Staraí ab ea a hathair, an tOllamh Robert Dudley Edwards. Tá deartháir léi ina staraí in Ollscoil Dhún Éidinn. Sa bhliain 1965, phós sí céimí eile ó UCD, Patrick Cosgrave, iriseoir. Fuair siad colscaradh ní ba dhéanaí. Cuireadh síos ar a seanmháthair Bridget Dudley Edwards mar dhuine a bhí gníomhach leis an gCuntaois Plunkett agus ciorcail shóisialta dá leithéid.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dudley Edwards, Ruth. "Confessions of an Irish Revisionist" in (Homberger, Eric; Charmley, John ed. "The Troubled face of biography") Nua-Eabhrac: St. Martin's Press, (1988). ISBN 9780312013295.
  2. [@ruthde (23 November 2015). (Tweet) https://twitter.com/ruthde/status/668816347774754816 – via Twitter. {{cite web}}: Missing or empty |title= (cabhair)]
  3. Ruth Dudley Edwards urges Queens University audience to ignore 'well known eccentric'
  4. Ruth Dudley Edwards, The Seven, Oneworld Publications, Londain, 2016, lch. 205.