Séamus Ennis

amhránaí agus ceoltóir Éireannach

Píobaire uilleann, amhránaí, portaire béil, craoltóir agus bailitheoir ceoil agus béaloidis ab ea Séamus Ennis (Séamus Mac Aonghusa, 1919 - 1982), a bhí inniúil ar chanúintí Gaeilge na hÉireann agus ar Ghàidhlig na hAlban.[1] Bhailigh sé neart béaloidis agus ceol traidisiúnta Gaelach. Tá a rian fós le cloisteáil ar cheoltóirí na linne seo.[2][3]

Infotaula de personaSéamus Ennis

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Bealtaine 1919
Fionnghlas, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Deireadh Fómhair 1982
63 bliana d'aois
An Aill, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Gníomhaíocht
Gairmceoleolaí, béaloideasóir, pearsa raidió, cartlannaí, amhránaí, music transcriber (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1958 –
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
UirlisPíb mhála, píoba uilleann, ceol gutha agus feadóg stáin
Lipéad ceoilTradition Records Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach

Musicbrainz: f18ee68b-19b0-4b18-8a91-e7c98ee4fab1 Discogs: 911150 Allmusic: mn0000259505 Cuir in eagar ar Wikidata

Óige cuir in eagar

Sa mbliain 1908, cheannaigh athair Shéamuis, James, mála phíobaí uilleann scartha amach ó theach gill. Ceithre bliana ina dhiaidh sin fuair sé an dara háit san Oireachtas leis na píobaí céanna. Rugadh a mhac Séamus ar an 5ú Meitheamh, 1919 i Jamestown i bhFionn Ghlas, i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

Chuaigh Séamus go gaelscoileanna Scoil Cholm Cille agus Coláiste Mhuire agus b'é ansin a fuair sé a chuid Gaeilge. Nuair a bhí sé trí bliana déag d’aois, thosaigh sé ag foghlaim na píobaí oná athair. Ba cheoltóir mór agus cáiliúil é ag a fiche ‘s a haon bliain d’aois. Ba ghnách le Séamus an seit ceannaithe ag a athair dhá chasadh go dtí lá a bháis.

 
An Aill (The Naul), BÁC[4]

Obair bhailigh cuir in eagar

 
Seamus Ennis Cultural Centre, An Aill

Nuair a bhí sé trí bliana fichead d’aois, thosaigh sé ag obair le Coimisiún Béaloideasa Éireann. D'oibrigh sé le Coimisiún Béaloideas Éireann idir na blianta 1942 agus 1947. Is éard a bhí i gceist leis an bpost, taisteal chuig ceantair éagsúla ar fud na tíre leis an gceol agus na hamhráin a bhí beo i mbéal na ndaoine a bhreacadh síos.

Is éard a bhí i gceist leis an bpost, taisteal chuig ceantair éagsúla ar fud na tíre leis an gceol agus na hamhráin a bhí beo i mbéal na ndaoine a bhreacadh síos. Chuir Ennis síos ar na blianta sin ina dhialann taistil[5] (bhí a dhialann curtha in eagar ag Ríonach Uí Ógáin sa leabhar Mise an Fear Ceoil (Cló Iar-Chonnachta, 2007).[6] Rinne sé tagairt ann do ghnéithe éagsúla den saol ag an am sin – traidisiún an cheoil, na daoine agus na pobail éagsúla ar thug Ennis cuairt orthu, an saol a bhí acu, agus an teanga.

Níos déanaí, dúirt Ennis amhráin gur fhoghlaim sé ag an am seo ar a chuid taifeadtaí; i dteannta leo chas sé na tiúineanna gur chuala sé ar a phíobaí. Tá tábhacht thar cuimse leis an obair a rinne sé agus tá a thionchar le brath go fóill sa traidisiún ceoil in Éirinn. Murach an obair bhailiúcháin a rinne Ennis is cinnte go mbeadh cuid mhaith de na hamhráin agus de na foinn atá le cloisteáil go fairsing anois caillte go deo.[6]

Bás cuir in eagar

Bhí Ennis ina chónaí san Aill sna 1980idí. ‘Easter snow’ an t-ainm a bhaist sé ar an bpíosa talún a bhí aige féin agus a dheirfiúr Ursula os comhair na reilige mar a raibh péire carbhán, nó tithe soghluaiste, acu.[2]

Bhí Ennis buailte ag an ailse scornach. Cailleadh é ar an 5 Deireadh Fómhair 1982. Tá sé curtha san Aill.

Ceirníni cuir in eagar

  • The Bonny Bunch of Roses (1959)
  • Forty Years of Irish Piping (1974)
  • The Pure Drop (1974)
  • The Fox Chase (1974)
  • The Best of Irish Piping (1974)
  • Feidhlim Tonn Rí's Castle (1977)
  • The Ace and Deuce of Piping
  • The Wandering Minstrel (1977)
  • The Return from Fingal (1997)
  • Two Centuries of Celtic Music (2001)
  • Séamus Ennis - Ceol, Scealta agus Amhráin (2006, nua-dhéanta as taifead ó 1961)

Bailiúcháin cuir in eagar

  • Green Linnet 20th Anniversary Collection (1996)
  • Alan Lomax Sampler (1997)
  • Irish Pipe & Tin Whistle Songs
  • Traditional Dance Music of Ireland (1997)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Shane Ó Curraighín (2019-09-25). "Saol agus saothar Shéamuis Ennis á gceiliúradh ar an gClochán" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 "ENNIS, Séamus (1919–1982)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-05.
  3. "Ennis, Séamus | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-05-05.
  4. "An Aill/Naul" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-05.
  5. Tá an dialann a choinnigh sé agus é ag obair leis an gCoimisiún anois i seilbh An Choláiste Ollscoile i mBÁC i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.
  6. 6.0 6.1 Ríonach Uí Ógáin. "Mise an fear ceoil: Séamus Ennis-Dialann Taistil 1942–1946" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2022-05-05.