Ubh thoirchithe ainmhíplanda, a chruthaítear nuair a nascann dhá chill atáirgthe ghnéasaigh (ubhán is speirm) le chéile, roimh dheighilt di. De ghnáth dioplóideach tar éis crómasóm haplóideach a fháil ó gach ceann den ubhán is den speirm. San ainmhí, tugtar suth ar an ubh thoirchithe tar éis deighilt di sa bhroinn ar feadh cúpla mí, agus ina dhiaidh sin tugtar féatas uirthi go mbeirtear é.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Síogót". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 601.