Sa bhliain 1919, d’eagraigh lucht oibre i Luimneach stailc ghinearálta, ar tugadh an ‘Limerick Soviet’ nó 'Sóivéid Luimnigh' air.[1] Tharla na hagóidí i Luimneach - cathair agus contae - idir an 14 Aibreán agus an 27 Aibreán 1919[2].

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSóivéid Luimnigh
Sóibhéid Luimnigh (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh

PríomhchathairLuimneach Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú15 Aibreán 1919
Díscaoileadh27 Aibreán 1919
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaissóivéid agus soviet republic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrascilling Cuir in eagar ar Wikidata

Tharraing an téarma "Sóivéid" achrann ach ní raibh ann ach stailc ghinearálta; ní raibh réabhlóid iomlán ar siúl. Ach ghabh na ceardchumannaigh agus Óglaigh seilbh ar shaol eacnamaíochta na cathrach. agus thosaigh na húdaráis ag bualadh airgid fiú.

Ag bualadh "airgid" ag an am

Na hImeachtaí cuir in eagar

Bhí Luimneach ar na contaetha is gníomhaí le linn Éirí Amach na Cásca agus bhí an ghníomhaíocht radacach le sonrú arís le linn na tréimhse corraithí sin in 1919. Ag tús Chogadh na Saoirse, bhí teannas láidir sa cheantar. Dúirt Arm na Breataine go mbeadh Luimneach ina ‘Limistéar Míleata Speisialta’ fén, acht dar teideal DORA (Defence of the Realm Act). Chuimsigh an tAcht Míleata sin an chuid is mó de chathair Luimnigh agus cuid den chontae leis.

Eagraíodh stailc ghinearálta i Luimneach ar an 13 Aibreán 1919. Rinne lucht ceirde Chomhairle Luimnigh agóid i gcoinne dhearbhú Arm na Breataine go mbeadh an chathair ina ‘Limistéar Míleata Speisialta’.

Ar an 14 Aibreán, thosaigh ollstailc na Sóivéide Luimnigh, le forógra na saoirse sóivéadach. Ba iad cosmhuintir na cathrach a chinntigh astu féin go mbeadh airgead agus bia ag na daoine ar feadh thréimhse na hagóidíochta.

 
Constáblacht Ríoga na hÉireann (RIC) agus saighdiúirí i Luimneach.

Ar an 27 Aibreán, chríochnaigh ollstailc na Sóivéide Luimnigh, nuair a ghlaoigh ardmhéara Luimnigh (Alphonsus O'Mara) agus an eaglais (easpag Denis Hallinan) ar na hoibrithe chun stop a chur leis an agóid.

Cúlra in Éirinn cuir in eagar

Le linn Chogadh na Saoirse (1919-1921), bhí dhá údarás i gcomhrac lena chéile i Luimneach le linn Chogadh na Saoirse, Rialtas na Breataine agus Rialtas na Poblachta a bhunaigh Dáil Éireann, lena gcúirteanna, póilíní agus airm féin ag an mbeirt araon. Cuireadh cuid mhór cathanna i Luimneach agus sa cheantar máguaird, agus bhí teannas láidir sa cheantar.

Cúlra idirnáisiúnta cuir in eagar

 
"Bruree Workers Soviet Mills", 1921

Is é is ciall leis an bhfocal Rúisise úd Совет [sɐˈvʲɛt]/Sovet ná "comhairle". Bhain na Boilséivigh a leas féin as na sóivéidí, agus d'éiligh Léinín "an chumhacht iomlán a bhaint amach do na sóivéidí". Tharraing an ainm "Sóivéid" in Éirinn achrann mar sin, mar bhí eagla ar na fórsaí imchoimeádach.

Cáil thar lear cuir in eagar

Threisigh cáil an radacachais ar Luimneach ar fud an domhain. Bhí go leor iriseoirí idirnáisiúnta sa chathair ag an am, mar bhí rás trasatlantach ar siúl.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar