Ainm coitianta ar speicis éisc a bhaineann le finte éagsúla is ea sól. De ghnáth, is baill den fhine Soleidae iad, ach, taobh amuigh den Eoraip, úsáidtear an t-ainm seo ar leathóga éagsúla eile atá cosúil leis na Soleidae, go háirithe baill eile den fho-ord Soleoidei, chomh maith le baill den fhine Pleuronectidae (leitheanna). I gcócaireacht na hEorpa, is é an sól coiteann (Solea solea) an speiceas is forleithne agus an ceann a bhfuil an tóir is mó air.

An sól coiteann (Solea solea)

Sanasaíocht cuir in eagar

Tagann an focal sól (agus focail ghaolmhara sa Bhéarla, sa Fhraincis agus san Iodáilis) ón fhocal Laidine ar chuarán, solea.[1][2] I dteangacha eile, úsáidtear téarma bunaithe ar an bhfocal ar “teanga”, mar shampla Gréigis glóssa (γλώσσα), Seezunge i nGearmáinis, zeetong, tong, nó sliptong in Ollainnis, nyelvhal in Ungáiris, lenguado i Spáinnis, lung lei (龍脷 “teanga an dragain”) i Sínis, agus dil i dTuircis.


Speicis roghnaithe cuir in eagar

  • I bhfo-ord na sól Soleoidei:
    • Na fíorshóil, Soleidae, lena n-áirítear an sól coiteann Solea solea. Is iad seo na héisc amháin a dtugtar “sól” orthu san Eoraip.
    • Na sóil Mheiriceánacha, Achiridae, a rangaítear leis na Soleidae uaireanta.
    • Na héisc teangacha, Cynoglossidae
  • Roinnt speiceas leitheanna san fhine Pleuronectidae, lena n-áirítear an leathóg mhín (Microstomus kitt), agus an sól Calafoirniach (Eopsetta jordani).

Tagairtí cuir in eagar

  1. Sole, in Skeat WM. A concise etymological dictionary of the English language. Harper & Brothers, 1896, P. 449 read online or download
  2. Sogliola (IT) etymology from www.etimo.it