Meitheal machnaimh Naitsíoch ab ea SS Ahnenerbe (Oidhreacht na Sinsear is brí leis an bhfocal Ahnenerbe) a bhí ceaptha le fianaise léannta nó eolaíoch a tháirgeadh le hidé-eolaíocht chiníoch na Naitsithe a thacú. Ba iad Heinrich Himmler, Hermann Wirth, agus Richard Walther Darré a bhunaigh Ahnenerbe ar an 1 Iúil 1935. Ba é cuspóir Ahnenerbe ná taighde a dhéanamh ar stair agus ar sheandálaíocht an chine Airianaigh agus sluaíochtaí a eagrú le dul ar lorg fianaise. Theastaigh ó Himmler agus lucht a leanúna a chruthú, go bunúsach, gurbh iad na pobail "Airianacha" a bhí i gceannas ar an domhan anallód.

Bosca Sonraí EagraíochtaSS Ahnenerbe
Sonraí
Cineálinstitiúid Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíEingetragener Verein Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1 Iúil 1935
Bunaitheoir(í)Heinrich Himmler agus Herman Wirth Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1945 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Duine ábharthaWolfram Sievers (en) Aistrighrúnaí ginearálta (1935) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtSS Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Ar dtús, ba é an t-ainm oifigiúil a bhí ar Ahnenerbe ná Studiengesellschaft für Geistesurgeschichte‚ Deutsches Ahnenerbe e.V. ("Cumann Staidéir na Réamhstaire Intleachtúla, Oidhreacht Ghearmánach na Sinsear, Cumann Cláraithe"), agus sa bhliain 1937 fuair an cumann ainm nua, Forschungs- und Lehrgemeinschaft das Ahnenerbe e.V. ("An Pobal Taighde agus Teagaisc 'Oidhreacht na Sinsear', Cumann Cláraithe"). Seasann na litreacha e.V. do na focail eingetragener Verein, cumann atá cláraithe go hoifigiúil i rollaí na n-údarás.

Stair cuir in eagar

 
Bunaitheoir na hinstitiúide agus Reichsführer der SS, nó fear ardcheannais an SS, Heinrich Himmler

I Mí Eanáir 1929, cuireadh Heinrich Himmler i gceannas ar an SS, nach raibh ach ag tosú san am. Ansin, d'eagraigh sé feachtas mór earcaíochta, agus tháinig fás agus forbairt ar an SS, nó ní raibh ann ach trí chéad duine sa bhliain 1929, ach dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí ballra deich míle duine ag an SS. Ansin chrom Himmler ar an SS a iompú ina scothaicme cine nach bhfanfadh ach fir óga "Nordacha" inti. Chuir Himmler córas nua maorlathais ar bun leis an obair seo a dhéanamh, mar atá, Rasse- und Siedlungshauptamt, is é sin, an Príomhúdarás um Chúrsaí Cine agus Athlonnaithe. Ba é an tObergruppenführer Richard Walther Darré a cuireadh i gceann an phríomhúdaráis seo, agus ba é an t-údarás sin a shocraíodh, an raibh na hearcaigh nua sách glan ó thaobh an chine de le go ndéanfaidís gnó mar bhaill de chuid an SS. Cuireadh ranganna ar fáil do rúcaigh an SS le go bhfoghlaimeoidís uraiceacht an chiníochais, agus bhí tuilleadh eolais le léamh ar an SS-Leitheft, iris an SS.

Ar an 1 Iúil 1935, bhí cruinniú ag Himmler le cúigear saineolaithe ciníochais de chuid Darré, chomh maith le Herman Wirth, fear de réamhstaraithe móra na Gearmáine. B'ansin a chum is a cheap siad bunsmaoineamh Ahnenerbe, is é sin, eagraíocht a bheadh ag déanamh staidéir ar "stair intleachtúil na réamhársaíochta". Bheadh Himmler ina "Mhaoirseoir" ar an gcumann taighde seo, agus Wirth ina Chathaoirleach. Bhronn Hitler céim an Ard-Rúnaí, nó Reichsgeschäftsführer, ar Wolfram Sievers.

Bhí smaointí agus idéanna aisteacha ag Wirth áfach, agus tugadh le fios dó gurbh fhearr dó imeacht, nó theastaigh ó Himmler cuma na heolaíochta a bheith ar fhoilseacháin na meithle machnaimh. D'éirigh Wirth as sa bhliain 1937, agus tháinig Walther Wüst ina áit. Saineolaí ar chultúr na hIndia a bhí in Wüst, agus ba é Sievers a d'earcaigh le haghaidh Ahnenerbe é, ó bhí Wüst ábalta cúrsaí eolaíochta a shimpliú agus a dhéanamh intuigthe ag an gcosmhuintir. Bhí Wüst ag obair in Ollscoil Ludwig Maximilian i München, agus é ina spiaire ag seirbhís slándála an SS, is é sin, an SD (Sicherheitsdienst).

Níorbh é SS Ahnenerbe an t-aon mheitheal mhachnaimh sa Ghearmáin Naitsíoch a bhí dírithe ar smaointeachas bréageolaíoch a tháirgeadh leis an gciníochas a chur chun cinn. Bhí a lárúdarás féin ag an bpríomhidé-eolaí Alfred Rosenberg, Amt Rosenberg nó Údarás Rosenberg, agus é ceaptha le hoiliúint idé-eolaíoch an bhallra sa pháirtí Naitsíoch a chur chun cinn, agus bhí Rosenberg agus Wirth in adharca a chéile ar chúiseanna idé-eolaíochta sular tháinig Ahnenerbe ar an bhfód. Maidir le Karl Maria Wiligut, an t-oifigeach Ostarach a bhí i gceannas an taighde staire ag an bPríomhúdarás um Chúrsaí Cine agus Athlonnaithe (Rasse- und Siedlungshauptamt), bhí teoiricí aiféiseacha bréag- nó neamheolaíocha aigesean agus é mór le Himmler go pearsanta, ionas nach raibh an dara suí sa bhuaile ag lucht Ahnenerbe ach a chuid smaointeoireachta a chur san áireamh agus a ghlacadh i ndáiríribh, cé gur chuir na hidéanna sin isteach ar na hiarrachtaí ciníochas a chur chun cinn mar eolaíocht.

Blianta an Chogaidh cuir in eagar

Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, thit sé ar chrann Ahnenerbe creachadh na seod cultúrtha a eagrú sna tíortha a d'fhorghabh fórsaí armtha na Gearmáine. In Aibreán na bliana 1942 chaill Ahnenerbe a stádas mar institiúid neamhspleách, nó rinneadh cuid d'fhoireann phearsanta Himmler de. Sna tíortha forghafa ina raibh teangacha Gearmáinice a labhairt - an Ísiltír, an Bheilg, an Iorua agus an Danmhairg - chuidigh Ahnenerbe leis na hiarrachtaí saighdiúirí áitiúla "Airianacha" a earcú don SS. San am chéanna bhí scéimeanna bolscaireachta ar obair ag Ahnenerbe a bhí dírithe ar chuspóirí cogaidh na Gearmáine a dhéanamh inghlactha ag muintir na dtíortha seo. Bhí na Gearmánaigh dóchasach as na scéimeanna seo mar ghléas le tacaíocht an phobail a bhaint de na gluaiseachtaí frithbheartaíochta a bhí ag cur catha ar na trúpaí forghabhála.

Bhí saineolaithe de chuid Ahnenerbe sáite sna turgnaimh le daoine freisin. Sa bhliain 1942 bunaíodh an Institiúid um Taighde ar Chuspóirí Cosanta (Institut für wehrwissenschaftliche Zweckforschung) faoi scáth Ahnenerbe, agus cuid d'obair na hInstitiúide ab ea na daoine - cimí as na campaí géibhinn - a chéasadh le fuacht, le haerbhrú íseal nó le gás nimhe le heolas a bhailiú faoin teacht aniar a bhí i gcolainn an duine. Ba iad na dochtúirí Naitsíocha Sigmund Rascher agus August Hirt a bhí i gceannas ar na turgnaimh seo. Bhí Rascher ag oibriú an fhuachta agus an ísealbhrú ar chimí in Dachau (in aice le München), agus Hirt ag baint trialach as an ngás nimhe (an gás mustaird, ClCH2CH2SCH2CH2Cl) i gcampa Natzweiler (san Alsáis, an Fhraic, a bhí nascghafa ag an nGearmáin san am).

Sa bhliain 1943 tháinig beirt antraipeolaithe de chuid Ahnenerbe, Bruno Beger agus Hans Fleischhacker, go hAuschwitz le grúpa cimí Giúdacha a roghnú. Theastaigh uathu bailiúchán antraipeolaíoch de chnámharlaigh Ghiúdacha a thiomsú, agus leis an gcuspóir seo a chomhlíonadh, tugadh na Giúdaigh go Natzweiler áit ar maraíodh le gás iad. Bhí sé ceaptha ag Beger agus Fleischhacker na cnámharlaigh a bhronnadh ar an ollscoil Ghearmánach i Strasbourg (nó Strassburg, mar a thugtar ar an áit as Gearmáinis).

I nDiaidh an Chogaidh cuir in eagar

Daoradh Wolfgang Sievers, Ard-Rúnaí Ahnenerbe, chun báis i bpróis dlí na ndochtúirí Naitsíocha i Nürnberg ar an 20 Lúnasa 1947. Ar an 2 Meitheamh 1948, cuireadh chun báis é i bPeannadlann Landsberg - an áit chéanna inar chaith Hitler seal ina phríosúnach sna fichidí. Maidir le Rascher, cuireadh chun báis ar ordú Himmler é go gairid roimh dheireadh an chogaidh. D'éirigh le cuid mhaith de shaineolaithe Ahnenerbe, áfach, teacht réasúnta slán as na himeachtaí i ndiaidh an chogaidh, agus chuaigh siad le saothar eolaíochta arís i ndiaidh tamaill. Sa bhliain 1980, mar shampla, rinne Hermann Wirth iarracht músaem antraipeolaíochta a chur ar bun lena chuid smaointeachais a scaipeadh, agus tacaíocht aige ó pholaiteoir chomh frith-Naitsíoch le Willy Brandt, ach nuair a d'fhoilsigh an seachtanán Der Spiegel alt cuimsitheach faoi chúlra Naitsíoch Wirth, cuireadh tionscadal an mhúsaeim ar ceal.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar