Oileán i Muir Chairib is ea Saba. An t-aonad is lú de Ríocht na hÍsiltíre atá ann agus tá 1,915 duine ina gcónaí ann (2019). Cuimsíonn Mount Scenery, bolcán (marbh nó ina chodladh, níltear cinnte cé acu), an chuid is mó den oileán.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSaba
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 17°37′57″N 63°14′15″W / 17.6325°N 63.2375°W / 17.6325; -63.2375
Stát ceannasachRíocht na hÍsiltíre
Country of the Kingdom of the Netherlands (en) Aistrighan Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Exclave dean Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairThe Bottom Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,035 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús156.54 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ollainnis
Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deOileáin Ísiltíreacha Mhuir Chairib
Na Mion-Aintillí
Oileáin na Fothana
Muir Chairib Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla13 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Scenery (en) Aistrigh (887 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú10 Deireadh Fómhair 2010
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachIsland Council of Saba (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadradollar na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.bq Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+5994 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2NL-BQ2 agus BQ-SA Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsabagov.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: PublicEntitySaba Twitter: PublicEntSaba LinkedIn: public-entity-saba Youtube: UCAag5hACX3kH2zFmB3YvA7w Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Saba suite sa chuid thuaidh d'Oileáin na Gaoithe sna hIndiacha Thiar, soir ó dheas ó Oileáin Bhriotanacha na Maighdean. Áirítear Saba—in éineacht le Bonaire agus Sint Eustatius—mar cheann de na hoileáin BES. Tá 13 km cearnacha (5.0 míle cearnacha) d'achar ann. Is é Mount Scenery, 887 méadar (2,910 troigh) ar airde, an pointe is airde i Ríocht na hÍsiltíre. Fágann sin go bhfuil 148 duine sa chileaméadar cearnach ann (380 sa mhíle chearnach). Is é The Bottom príomhbhaile Saba. Ar na bailte beaga eile tá Windwardside, Zion's Hill agus St. Johns.

Is é an Béarla an meán teagaisc ar an oileán ó na 1860idí i leith agus labhraítear Criól Oileán na Maighdean. Múintear an Ollainnis freisin. Tá Béarla agus Ollainnis oifigiúil.

Radharc ar Saba ón bhfarraige. Is é Mount Scenery an cnoc is airde ar an oileán, le feiceáil sa ghrianghraf le scamaill timpeall ar a phointe.