Is seomra in eaglaisí Críostaí a úsáidtear chun éidí sagairt (amhail an ailb agus an casal) a stóráil é an sacraistí.[1] Tugtar eardhamh, beistrí, nó gléaslann air freisin. Coinnítear soithí naofa, taifid an pharóiste, agus feisteas eile de chuid na heaglaise ann chomh maith.[2][3]

Sacraistí

De ghnáth, bíonn an sacraistí suite taobh istigh den eaglais féin, ach i gcásanna áirithe is fortheach nó foirgneamh ar leith é (mar shampla i mainistreacha áirithe). In eaglaisí níos sine, is minic go mbíonn an sacraistí in aice le taobhaltóir nó taobh thiar den phríomhaltóir.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): sacraistí” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-11.
  2. Vestry”. English Oxford Living Dictionaries. Oxford University Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 26, 2016.
  3. "Litiz Moravian celebrates with mortgage-burning Lovefeast" (2011). The Moravian.