Saighir Chiaráin

baile fearainn i gContae Uíbh Fhailí

Ciallaíonn Saighir Chiaráin, ‘tobar Chiaráin’. Tá baint ag an séipéal ársa i Saighir Chiaráin le Naomh Ciarán seanóir, a bhfuil sé ráite faoi gur chaith sé 30 bliain sa Róimh ag déanamh staidéar ar na scrioptúir.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Saighir Chiaráin
Íomhá
Sonraí
CineálDestroyed monastery (en) Aistrigh
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Uíbh Fhailí, Éire agus Saighir, Éire
Map
 53°N 8°W / 53°N 8°W / 53; -8

Sa ré ársa, ba áit adhlactha an séipéal do ríthe ríocht ársa Osraí. Tagann oilithrigh fós i gcomhair na stáisiún ag Tobar Naomh Ciarán agus ag Sceach agus Cloch Naomh Ciarán ar fhéile Chiaráin (5ú Márta).

Téann an cloigtheach siar go dtí an ochtú-deichiú haois
Bun ardchroise ón 9ú haois

Istigh sa reilig tá bun ardchroise (SMR OF039-003002-) ón 9ú haois, ar a bhfuil snoíodóireacht de radhairc ón mbíobla, cosúil le 'hÁdhamh agus Éabha i nGairdín Pharthais'.

Am éigin roimh an mbliain 1170, tháinig Saighir Chiaráin chun a bheith ina theach do chanónaigh Agaistíneacha, agus go gairid i ndiaidh an dáta seo, tógadh séipéal prióireachta Naomh Ciarán.

Is iad ballaí an tséipéil sin teorainn thuaidh na reilige.

Tá bunsraith cloigthí níos sine le feiceáil ar uillinn sheachtrach thiar thuaidh fhothraigh na prióireachta. Díscaoileadh an phrióireacht sa bhliain 1152 agus am éigin ina dhiaidh sin daingníodh an séipéal nuair a cuireadh túr gunna beag cruinn leis ar an uillinn thoir theas.

Sa bhliain 1844, thóg Eaglais na hÉireann an séipéal atá ann inniu. Istigh ann tá cros chloiche agus roinnt crosleac a fuarthas sa reilig.

Tá Síle na gCíoch (SMR OF039-003011-) ón suíomh in Ard-Mhúsaem na hÉireann anois.[2][1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 archaeology.ie. "archaeology.ie". Dáta rochtana: 2022.
  2. "Seir Kieran Early Christian Monastic Site - Visit Offaly". www.visitoffaly.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-07. Dáta rochtana: 2021-10-07.