Marc oifigiúil a bhuailtear ar gach earra nua-aoiseach óir, airgid, agus (ó 1975) platanaim a dhéantar in Éirinn, Sasana is Albain. Déantar an miotal a mheasúnú chun a chaighdeán nó a cháilíocht a thomhas, agus cuireann an sainmharc sin in iúl. Bíonn a shainmharc féin ag gach oifig measúnaithe. Tá an córas mar seo ó 1300 nuair a rinne an rí forógra nár cheadaithe don ghabha aon earra a chur amach as an gceárta go raibh sé measúnaithe is sainmharcáilte le ceann liopaird.

Ón mbliain 1730 ar aghaidh tugadh marc breise isteach, flor Hibernia. Stampa dleachta a bhí ann an chead lá agus i gceann na haimsire aithníodh ina mharc speisialta é ag comhlact Gaibhne Óir Bhaile Átha Cliath. Idir 1807 agus 1890 cuireadh ceann an mhonarc ar an mbonn chun dleacht bhreise a chur in iúl.[1]


Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sainmharc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 574.