Sainordú na Breataine sa Phalaistín

'Cosantóireacht' ab ea an Phalaistín, faoi smacht na Breataine ó na 1920idí go dtí na 1940idí. Tugadh ''Sainordú na Breataine sa Phalaistín' ar an tír san am sin (éifeacht dlí 29 Meán Fómhiar 1923 - 15 Bealtaine 1948).[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSainordú na Breataine sa Phalaistín
Íomhá
Cineálmandate (en) Aistrigh
sainordú de chuid Chonradh na Náisiún Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arCovenant of the League of Nations (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharhomeland for the Jewish people (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhUnited Nations Office at Geneva, An Eilvéis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírImpireacht na Breataine Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
San Remo conference (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


1945

Stair cuir in eagar

Le linn 1917, chuir Impireacht na Breataine an Impireacht Otamánach faoi chois sa Phalaistín.[2] Ach roinn an Entente Triarach na críocha sa bhliain 1916, nuair a síníodh an Comhaontú Sykes–Picot.[3]

Ar 2 Samhain 1917 d'fhógair Arthur Balfour, iar-Phríomhaire na Ríochta Aontaithe, go mbunófaí stát Giúdach sa Phalaistín. Tá Dearbhú Balfour i gcroí na coimhlinte sa Mheánoirthear sa lá atá inniu ann.[4]

De réir Conradh na Náisiún in 1923, 'cosantóireacht' ab ea an Phalaistín, faoi smacht na Breataine.

I 1937 bhunaigh rialtas na Breataine Coimisiún Ríoga chun todhchaí na Palaistíne a scrúdú. Mhol siad an talamh a roinnt idir stát Giúdach agus stát Arabach. Ach ní fhéadfadh siad teacht ar bhealach ar bith chun é a dhéanamh gan ceathrú milliún Arabach a dhíbirt as an stát Giúdach – rud a dtabharfaí glanadh eitneach sa lá atá inniu ann.[5]

Mar gheall ar an deacracht dhosháraithe sin i 1939, d’eisigh rialtas na Breataine plean nua – stát aontaithe ina mbeadh na cearta céanna ag Arabaigh agus ag Giúdaigh.

Ní mar sin a tharla dar ndóigh. Bunaíodh stát Iosraelach sa bhliain 1948 don mhionlach Giúdach ar an gcuid is mó agus an chuid is fearr de thalamh na Palaistíne. Ní bheadh an stát sin inmharthana murach gur díbríodh nó gur theith 700,000 Palaistíneach.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "téarma.ie". téarma.ie. Dáta rochtana: 2022-01-10.
  2. "Palestine (region)" (as en) (2023-11-04). Wikipedia. 
  3. "Sykes–Picot Agreement" (as en) (2023-11-07). Wikipedia. 
  4. Fearghal Mac Bhloscaidh, Athbhreithniú ar an athbhreithniúchas. Eanáir 2014, An tUltach 91 (1), lch 16-17
  5. 5.0 5.1 Fachtna Ó Drisceoil (10 Deireadh Fómhair 2023). "Réiteach aon stáit an t-aon fhuascailt ar an bhfáinne fí fuilteach sa Mheánoirthear" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-03.