Sheol Samsung an fón, Samsung Tocco (F480) i mí Iúil na bliana 2008. Ba é an Tocco an chéad fhón póca a cuireadh in oiriúint don Ghaeilge. Bhí fógartha ag an gcomhlacht go mbeadh gléas tuarthéacs don Ghaeilge ar an bhfón agus go mbeifí in ann seirbhísí uile an fhóin a úsáid trí Ghaeilge. Seoladh é ar 2 Iúil 2008.[1] Is é an chiall a bhí leis an bhfocal 'Tocco', ná 'Tadhall' nó 'Teagmháil' as Iodáilis.[2][3]

Infotaula equipament informàticSamsung Tocco

Cuir in eagar ar Wikidata
DéantóirSamsung (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Gnéithe cuir in eagar

Bhí scáileán tadhaill ag an bhfón chomh maith le ceamara agus raidió.

Cruthú an leagain Ghaeilge cuir in eagar

Dar leis an gcomhlacht Samsung, thóg sé cúig mhí orthu an tseirbhís tuarthéacs a chur i bhfeidhm ar an bhfón nua. Bhí 44,000 focal Gaeilge mar chuid den acmhainn Ghaeilge ann agus bhí tacaíocht ann do 11 theanga eile, in éineacht leis an nGaeilge. Ba é an comhlacht Nuance, a d'aistrigh an bogearra tuarthéasc T9 go Gaeilge, le cabhair ó Fhoras na Gaeilge.[3]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar