Ainmhí is ea an saola.[1] Cineál anatalóip atá ann agus é gaolta leis na daimh, ba, agus gabhair. Maireann an saola sna hardáin agus sna sléibhte in Oirthear na hInd-Síne, i Laos agus i Vítneam. Ní raibh aon eolas ar an saola (seachas ag daoine áitiúla) go dtí an bhliain 1993, nuair a rinneadh suirbhé in Anaclann (nó Tearmann) Dúlra Vu Quang. ("Damh Vu Quang" a thugtar air an saola freisin.) Fuarthas adharca an tsaola agus eolas faoi ó lucht an cheantair úd. Cé go bhfuil grianghraif de ann anois, níl an saola feicthe beo ag aon eolaí go dtí an lá inniu.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSaola
Pseudoryx nghetinhensis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
I mbaol criticiúil
UICN18597 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdArtiodactyla
FineBovidae
GéineasPseudoryx
SpeiceasPseudoryx nghetinhensis Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Pseudoryx nghetinhensis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.