Athrú in airíonna miotail de bharr buailte, tuargana, rollta nó próiseála eile a dhéantar arís is arís eile. Athraíonn an saothar gránstruchtúr micreascópach an mhiotail. Is féidir go dtreiseofar is go gcruafar an miotal mar thoradh, ach féadfaidh sé a bheith níos brisce freisin. Is féidir cuid d'iarmhairtí an tsaotharchruachain a mhaolú trí ainéaladh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Saotharchruachan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 577.