Scála logartamach is ea Scála Richter. Scála é chun cur síos a dhéanamh ar mhéid na gcreathanna talún. An seismeolaí Meiriceánach Charles Francis Richter (1900-1985) is as a ainmníodh an scála. Is mar a chéile méadú d'aonad amháin ar Scála Richter agus iolrú faoina deich ar mhéid an chreatha talún. Mar sin, más é 7 scór an chreatha talún ar an scála seo, is mó faoina deich é ná crith ar scór 6 ar Scála Richter. Nuair is é fuinneamh an chreatha talún a bhíonn i gceist, is mó faoi thríocha fuinneamh an chreatha talún ar scór 7 ná fuinneamh an chreatha talún ar scór 6 ar Scála Richter.