Córas taifeadta le téip mhaighnéadach, ina bhfilltear an téip i gcuid de héilics thart ar dhruma a iompraíonn dhá cheann rothlaithe, nó níos mó, a tharraingíonn sraith rianta ar fiar trasna a leithid. Is mó go mór luas coibhneasta an chinn i leith na téipe, an fíorluas scríofa, ná luas na téipe féin, agus mar sin is féidir leis minicíochtaí an-arda a thaifeadadh go barrainneach. Saothraíodh an teicníocht ar dtús i gcomhair fístaifeadta, ach cuireadh i bhfeidhm níos déanaí i dtaifeadáin ard-dílseachta fuaime freisin é.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Scanadh héiliciúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 580.