Is éard is scannán bitheolaíochseicin bhitheolaíoch ann ná scannán imfhálaithe nó dealaithe agus feidhmeoidh sé mar bhacann leath-thréscaoilteach i nithe beo. Tá scannáin bhitheolaíocha, i bhfoirm scannáin cillíníeocarótacha, comhdhéanta de déchiseal lipidí le próitéiní leabaithe, próitéiní lárnacha agus forimeallacha a úsáidtear i gcumarsáid agus in iompar ceimiceáin agus iain. Soláthraíonn an chuid is mó den lipid i gcillscannáin, maitrís sreabhach do phróitéiní Tá próitéiní oiriúnaithe don thimpeallacht sreabhánachta ard an scannáin de déchiseal lipidí lena bhlaosc lipidí fáinní, comhdhéanta de mhóilíní lipid atá ceangailte go docht le dromchla de phróitéiní scannáin imeasctha, Tá na cillscannáin, difriúil ó na fíocháin leithlisithe a fhoirmítear le sraitheanna cealla, mar scannáin mhúcasacha, scannáin bhunaidh, agus scannáin shéiriúla.

Radharc trasghearrthach ar na struchtúir is féidir a chruthú le fosfailipidí i dtuaslagán uiscí. (Liposome = Lipeasóm, Micelle = Mícle, Bilayer sheet = Leathán déchisil)

== Comhdhéanamh

==

Samhail sreabhscannáin den déchiseal fosfailipide.

Neamhshiméadracht cuir in eagar

Tá dhá shraith sa dhéchiseal lipidídé - duillín seachtrach agus duillín inmheánach.[1] Déantar comhpháirteanna na ndéchiseal a dháileadh go míchothrom idir an dá dhromchla chun neamhshiméadracht a chruthú idir na dromchlaí seachtracha agus inmheánacha.[2] Tá an eagraíocht neamhshiméadrach seo tábhachtach maidir le feidhmeanna cille cosúil le comharthaíocht cille.[3] Léiríonn neamhshiméadracht an scannáin bhitheolaíoch feidhmeanna éagsúla dhá duillín an scannáin.[4] Mar a fheictear sa tsamhail sreabhachscannáin den dhéchiseal fosfailipíde, tá an duillín seachtrach agus duillín inmheánach den scannán neamhshiméadrach ina gcomhdhéanamh. Luíonn próitéiní agus lipidí áirithe ar dhromchla amháin den scannán agus ní ar an dromchla eile.

• Tá aghaidheanna eiseaplasmacha agus cíteasalacha an scannáin plasmaigh agus na scannán inmheánach. • Coinnítear an treoshuíomh seo le linn gáinneála an scannáin,- léirítear próitéiní, lipidí, gliceachomhchuingigh atá ag féachaint ar lúman an líontáin ionphlasmaigh agus an choimpléisc Gholgi ar thaobh eachtarcheallach an scannáin plasmaigh. I gcealla eocarótach, déantar fosfailipidí nua a mhonarú ag einsímí atá ceangailte le cuid de scannán an líontáin ionphlasmaigh atá os comhair an chíteasoil.[5] Cuireann na heinsímí seo, a úsáideann saoraigéid sailleaicha mar shubstráití, gach fosfailipidí nua-dhéanta i dtaisce sa leath criósalach den dhéchiseal. Le go bhféadfaidh an scannán ina iomláine fás go cothrom, caithfear leath de na móilíní fosfailipíde nua a aistriú go dtí an aonchiseal os a chomhair. Tá an t-aistriú seo catalaithe ag einsímí ar a dtugtar flippáisí orthu. Sa scannán plasmach, aistríonn na flippáisí sainfhosfailipidí ar leith go roghnach, ionas go mbíonn cineálacha éagsúla tiubhaithe i ngach aonchiseal.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Murate, Motohide (2016). "{{{title}}}". Chemistry and Physics of Lipids 194: 58–71. doi:10.1016/j.chemphyslip.2015.08.009. PMID 26319805. 
  2. Nickels, Jonathan D. (2015). "{{{title}}}". Chemistry and Physics of Lipids 192: 87–99. doi:10.1016/j.chemphyslip.2015.07.012. PMID 26232661. 
  3. Chong, Zhi-Soon (2015-12-01). "{{{title}}}". Molecular Microbiology 98 (6): 1133–1146. doi:10.1111/mmi.13202. PMID 26314242. 
  4. Forrest, Lucy R. (2015-01-01). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Annual Review of Biophysics 44 (1): 311–337. doi:10.1146/annurev-biophys-051013-023008. PMID 26098517. 
  5. 5.0 5.1 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named :8

Neamhshiméadracht cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar