Ar an 18-19 Iúil 1969, tharla timpiste, is cosúil, do Ted Kennedy, Seanadóir ó Massachusetts. Tharla an timpiste i Chappaquiddick (i gceantar Martha’s Vineyard i Massachusetts) faoi chúinsí amhrasacha, agus tugann "Scannal Chappaquiddick" air.[1] Níor chuir Kennedy na póilíní ar an eolas faoi thimpiste bóthair agus bás mná óige go dtí i bhfad níos déanaí.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal Chappaquiddick
Íomhá
Map
 41°22′24″N 70°27′13″W / 41.3733°N 70.4537°W / 41.3733; -70.4537
Cineálimbhualadh tráchta
bás tionóisceach
scannal polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana18 Iúil 1969 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhChappaquiddick Island, Massachusetts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachMary Jo Kopechne Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe0 Cuir in eagar ar Wikidata


Droichead Chappaquiddick
Teach i Chappaquiddick nach raibh ach 150m ón droichead

Na himeachtaí cuir in eagar

 

Bhí cóisir eagraithe do dhream rúnaithe, mná óg go léir, a d’oibrigh do Robert Kennedy le linn a fheachtais toghchánaíochta an bhliain roimhe sin (feallmharaíodh Robert i 1968).  Na fir a bhí ann ag an gcóisir, bhí siad go léir pósta (seachas ceann amháin) agus ní raibh na teaghlaigh i láthair.

D’imigh an carr a bhí á thiomáint ag Kennedy den droichead i Chappaquiddick.[2] Bhí bean óg ina chuideachta sa gcarr, Mary Joe Kopechne.  D’éirigh leis an gCinnéideach a theacht slán as an gcarr ach fuair Mary Joe Kopechne bás.

Bhí sé ocht n-uaire an chloig ina dhiaidh sin sular thug Kennedy tuairisc do na póilíní faoina raibh tarlaithe.

Leabhar True Compass cuir in eagar

Sheachain Ted Kennedy caint ar bith ar chás Chappaquiddick agus Mary Joe Kopechne i gcaitheamh a shaoil, ach amháin ina leabhar dírbheathaisnéiseach, True Compass.  Shéan Kennedy go raibh aon chaidreamh idir é féin agus Mary Jo Kopechne agus scríobh sé nach raibh brí ná ciall le cuimse dá bhfuil ráite faoi imeachtaí na hoíche sin.

Bhí sé ag tabhairt Mary Joe Kopechne ar ais chuig an óstán, a scríobh sé. Ní raibh eolas aige san áit, bhí an droichead cúng agus sciorr an carr.

 
an Cinnéideach sa bhliain 1967

Ní raibh a fhios aige beo cén chaoi ar tháinig sé as an gcarr.  Thriail sé a dhul sa tóir ar Mary Jo ach níor éirigh leis.  D’imigh sé roimhe sa dorchadas.  Bhí sé scanraithe agus líonraithe.  Rinne sé botún uafásach, a scríobh sé.  “That night on Chappaquiddick Island ended in a horrible tragedy that haunts me every day of my life,” a dúirt an Cinnéideach ina bheathaisnéis.

Scannal cuir in eagar

 

Bhí gach uile insint ar an scéal.  Bhí líomhaintí ann go raibh Kennedy i mbun caidrimh le Kopechne.  Dúradh go raibh sé ar meisce.  

Dúradh go raibh athair an tSeanadóra Kennedy, Joe Kennedy, ag iarraidh bealach éigin a shocrú sna huaireanta tar éis na timpiste le cosaint a dhéanamh ar a mhac agus an scéal a chur i bhfolach. B’in, de réir scéil, an chúis nár cuireadh glaoch ar na seirbhísí éigeandála agus na póilíní nuair a tharla an timpiste.

Iarmhairtí cuir in eagar

Bhain conspóid ollmhór leis an eachtra. Bhí míghnaoi an phobail air ón lá sin amach. Bhí saol polaitiúil an tSeanadóra i mbaol mar gheall air. Tá os cionn leathscór leabhar scríofa faoi chás Mhary Joe Kopechne ó shin.

 
Kate Mara i bpáirt Mary Joe Kopechne

Scannán cuir in eagar

Rinneadh scannán faoi Chappaquiddick, le  Jason Clarke, aisteoir Astrálach, i bpáirt Ted Kennedy agus Kate Mara i bpáirt Mary Joe Kopechne agus Bruce Dent mar Joe Kennedy – athair an tSeanadóra.  Shocraigh an scannán gur lean Chappaquiddick go tearmann na reilige féin é.

Tagairtí cuir in eagar

  1. RTÉ Presspack. "Scannalː Chappaquiddick". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-07-19.
  2. Máirtín Ó Catháin. "Oidhreacht Ted Kennedy á cíoradh i gcónaí agus scannán faoi Chappaquiddick ar na bacáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-19.