Tharla briseadh isteach sa Watergate Building i Washington DC sa bhliain 1972. Dhá bhliain dar gcionn, d'éirigh Richard Nixon as uachtaránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá mar gheall ar "scannal Watergate".[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal Watergate
Íomhá
Cineálscannal polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósOllionad Watergate Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse17 Meitheamh 1972 - 9 Lúnasa 1974
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Le cuid
Oifig Watergate, Washington, District of Columbia

Imeachtaí cuir in eagar

Thosaigh scannal Watergate sna Stáit Aontaithe ar an 17 Meitheamh 1972 nuair a gabhadh cúigear fear a raibh baint acu leis an Teach Bán agus iad i ndiaidh briseadh isteach in oifigí an Pháirtí Dhaonlathaigh. B’oifigigh shinsearacha i rialtas Richard Nixon iad na fir a bhris isteach sa seomra san óstán.[2]

Tharla sé go raibh an t-uafás eolais mar gheall ar an Pháirtí Daonlathach sa seomra ar briseadh isteach ann. Bhí na buirgléirí ag lorg eolais mar gheall ar Chathaoirleach an Pháirtí Dhaonlathaigh, Lawrence F. O’Brien, ar chúntóir de chuid John F. Kennedy, Lyndon Johnson agus an pháirtí náisiúnta Dhaonlathaigh é ar feadh na mblianta.

 
Raidió trasraitheora

Chas feidhmeannach FBI, “Deep Throat” nó Mark Felt, a raibh blianta fada caite aige leis an FBI, le beirt iriseoirí ón Washington Post, Bob Woodward agus Carl Bernstein. Thug sé eolas dóibh.

Ag an am céanna, bhí ar Spiro Agnew, an leasuachtarán i dtrioblóid. I 1973, aimsíodh eolas faoi himghabháil cánach, agus scoir sé.

Iarmhairtí cuir in eagar

I 1974, milleadh gairm Nixon nuair a bhí an scannal Watergate i mbéal an phobail. D'éirigh Nixon as oifig ar an 9 Lúnasa 1974. Ba é Nixon an t-aon uachtarán amháin riamh a d'éirigh as oifig.

Ceapadh an leasuachtarán, Gerald Ford, mar uachtarán. B'é Ford an chéad uachtarán a fuair an post gan bhua i dtoghchán, nuair a d'éirigh Richard Nixon as oifig i ndiaidh an scannail Watergate.

In 1975, gabhadh John N. Mitchell,[3] a bhí ina Aturnae Ginearálta ag an Uachtarán Richard Nixon

Is sna Stáit Aontaithe sna 1970í, tar éis scannal Watergate a tháinig ann do na chéad fhorálacha reachtúla don nochtadh leasanna ag oifigigh phoiblí, agus is cuid den dea-chleachtas idirnáisiúnta anois iad.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. RnaG / An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra (2022-05-28). "Ag féachaint siar ar Watergate leathchéad bliain ar aghaidh" (as ga-IE). 
  2. Tom Deignan (Iúil 2005). "Lawrence F. O’Brien: fear a bhí bródúil as a oidhreacht Éireannach" (ga-iE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-04-22.
  3. "John N. Mitchell" (as en) (2024-03-30). Wikipedia. 
  4. gov.ie (Nollaig 2022). "Athbhreithniú ar Chreat Reachtúil na hÉireann don Eitic in Oifigí Poiblí". Dáta rochtana: 2024.