Is téarma é sciáil Nordach a chuimsíonn cineálacha éagsúla sciála lena ndéantar an bhuatais sciála a cheangal den scí ar bhealach a fhágann gur féidir leis an sciálaí a sháil a ardú den scí, murab ionann agus sciáil Alpach, lena ndéantar sáil agus barr na buataise a cheangal den scí.

Infotaula d'esportSciáil Nordach
Cineálsciáil
Leaganachasciáil trastíre, léimneach sciála agus Nordic combined (en) Aistrigh

Cluichí Oilimpeacha cuir in eagar

Ag na cluichí Oilimpeacha, is spóirt sciála Nordaí iad an sciáil trastíre, an scí-léimneach, agus sciáil Nordach dhá chomórtas (sciáil trastíre agus scí-léimneach) in éineacht. Is é an FIS[1] a rialaíonn na spóirt sin.

Sciáil Nordach a dhéantar sa dé-atlan (sciáil trastíre agus lámhach) freisin, ach tá a chónaidhm féin ag an spórt sin (an IBU[2]).

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cónaidhm Idirnáisiúnta Sciála/Fédération Internationale de Ski
  2. Aontas Idirnáisiúnta Dé-atlain/International Biathlon Union