Seacht n-eaglaisí na hÁise

Tugtar Seacht n-eaglaisí an Apacailipsis ar a dtugtar freisin Seacht n-eaglaisí an Taispeána agus Seacht n-eaglaisí na hÁise(a thagraíonn don chúige Rómhánach, ní an Áise go léir), ar na seacht n-eaglaisí móra de chuid na Luath-Chríostaíochta, mar atá luaite in Apacailipsis Eoin sa Tiomna Nua agus scríofa ag Iognáid as Aintíoch. Tá na seacht suíomh go léir sa Tuirc an lá atá inniu ann agus níl pobail Chríostaí shuntasacha ar fáil ann a thuilleadh ós rud é go raibh orthu scaradh ón áit faoi Chonradh na Lausanne. De réir Apacailipsis Eoin, ar an oileán Patmas, an Ghréig, treoirigh Íosa Críost a sheirbhíseach Eoin mar seo a leanas:

Léarscáil d'Iarthair na hÁise Bige a léiríonn an t-oileáin Patmas agus suíomhanna na gcathracha ina raibh na seacht n-eaglaisí lonnaithe.
"Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tiaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidicéa".-Apacailipsis Eoin 1:11

Tagraíonn "Eaglaisí" sa chomhthéacs seo do phobal na Críostaithe a bhí ina gcónaí i ngach cathair, agus ní amháin don bhfoirgneamh nó na foirgnimh a bhailítí ann le haghaidh adhartha.