Is éard is seadeolaíocht ann ná an disciplín eolaíoch a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar bhitheolaíocht na seadán agus na galair sheadánacha, lena n-áirítear dáileadh, bithcheimic, fiseolaíocht, bitheolaíocht mhóilíneach, éiceolaíocht, éabhlóid agus gnéithe cliniciúla na seadán, lena n-áirítear freagairt an óstaigh ar na hoibreáin sin.

Go ginearálta, cuimsíonn na seadáin víris is baictéir, iad siúd atá neamhurchóideach is iad siúd a chuireann tús le galair, ach de ghnáth bíonn an staidéar teorannaithe do phrótasóin (aiméibí is eile), péisteanna, artrapóid a dhéanann dochar do dhaoine trí nimh a dhéanamh, fuil a dhiúl is galair a iompar (mar shampla, corrmhíolta, míoltóga gainimh is míolta), nó maireachtáil ar an gcraiceann agus tochas is galar an tochais a chur air (mar shampla, míolta cartáin).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Seadeolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 587.