Is éard a bhí i gceist leis an seirfeachas ná stádas sóisialta a bhain le go leor tuathánach faoin chóras feodach. Saghas daoirse faoi dhintiúr a bhí ann, cosúil leis an sclábhaíocht ar bhealaí áirithe, ach difriúil freisin, mar shampla toisc nárbh fhéidir seirfigh a cheannach, a dhíol, nó a thrádáil ina n-aonar (cé gurbh fhéidir iad a dhíol in éineacht le píosa talún, ag brath ar an gceantar). D'fhorbair an seirfeachas le linn na seandachta déanaí agus na Luath-Mheánaoiseanna san Eoraip, agus mhair sé go dtí lár an 19ú haois i dtíortha áirithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Villeins in the Middle Ages | Middle Ages” (31 May 2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 November 2018. Dáta rochtana: 5 Samhain 2018.