Ciontaíodh seisear, ar a dtugtar 'Seisear Birmingham' (Birmingham Six), san éagóir mar gheall mar gheall ar na buamálacha a tharla i mBirmingham ar 21 Samhain 1974, ionsaithe inar maraíodh duine is fiche agus inar gortaíodh os cionn 220 duine eile,[1][2] ceann de na hainghníomhartha ba mharfaí le linn na dTrioblóidí.

Cuimhneachán, Buamáil Birmingham (1974)
Shire Hall, Lancaster Castle

Cuireadh na ciontuithe ar neamhní ar 14 Márta 1991 agus bronnadh cúiteamh idir £840,000 go £1,200,000 an duine.

Imeachtaí cuir in eagar

 
Paddy Hill sa bhliain 2015

Ar an 21 Samhain 1974, phléasc buamaí in dhá theach tábhairne i mBirmingham. Maraíodh 21 agus gortaíodh 220 duine eile san ionsaí sceimhlitheoireachta. Chinn coiste cróinéara níos déanaí gur foláireamh teileafóin a ndearnadh praiseach de ba chúis leis an moill a bhí ar na póilíní daoine a thabhairt amach as na tithe tábhairne.[3] Ach chinn giúiré an choiste cróinéara freisin nach raibh aon locht ar na póilíní agus nach raibh aon eolas faighte acu faoi na buamaí roimh ré.[4][5]

Cuireadh an milleán ar an IRA faoin mbuamáil go díreach (ach níor ghlac éinne freagracht as an ionsaí ar feadh na mblianta) agus tharla ionsaithe díoltais ar phobal mór Éireannach na cathrach dá bharr. Bhain na péas úsáid as an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta (nó PTA, Prevention of Terrorism Act)[6] chun daoine neamhchiontacha a chur i ngéibheann.

Chuir Michael Havers cás an ionchúisimh i láthair sa bhliain 1975 agus ciontaíodh san éagóir an Seiisear ar 15 Lúnasa 1975.

D’fhoilsigh an The Prisoners Aid Committee i Londain, ’Irish Voices from English Jails’ sa bhliain 1980,

Ach mhair Rialtas na Breataine bodhar ar achainí, nó “b’ionann é agus a rá go raibh siad iomlán mícheart sa rud a rinne siad go dtí sin.” ‘Appalling vista’ a bheadh ann, i bhfocail an Tiarna Denning faoi seisear Birmingham.[7]

Bhí The Irish Post ag obair ar son an tSeisir le blianta fada, mar a bhí na sagairt Denis Faul agus Raymond Murray[8].[9]

Foilsíodh an leabhar Error of Judgment - The Truth About the Birmingham Pub Bombings le Chris Mullin MP sa bhliain 1986.[10] Ansin rinne an clár ITV World In Action clár faisnéise faoin chás.

Ní raibh aon trácht sna ghnáthnuachtáin Éireannacha ná ar RTÉ mar bhí Alt 31 den Acht Craolachán i bhfeidhm (go dtí 1994). Bhí faitíos ar na hiriseoirí ansin rud ar bith conspóideach a rá faoi Na Trioblóidí[9] agus ba lú ná gíocs mioninchloiste astu aon tagairt go mb'fhéidir go dtarlódh gur neamhurchóideach iad na daoine seo.[11]

 
Paddy Hill sa bhliain 2015

Le cladhairí agus seoiníní mar seo sa Rialtas agus sna meáin chumarsáide, theip ar achomharc an tSeisir ...go dtí 1991. Sa bhliain 1988 fiú, ní raibh mórán dóchais ann don Seisear agus ní raibh fiú cead scríobh go díreach faoi chúrsaí sna príosúin.

Bhí deacrachtaí ag Chris Mullen MP léi nuair a bhí sé ag déanamh taighde ar Sheisear Birmingham. Smuigleáil sé téipthaifeadán isteach sa phríosún agus rinne sé na príosúnaigh a thaifeadadh. (Bhí raic faoi seo agus cásanna eile agus chuaigh riail 37 (Riail phríosúin ó 1964, uimhir 5, alt 37, a chuir an cosc i bhfeidhm) go dtí an Chúirt Achomhairc cúpla uair).[12]

Achomharc cuir in eagar

Ansin sa bhliain 1989, thit Balla Bheirlín agus bhí an chaint uilig faoi “Glasnost” in Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha agus Rialtas na Breataine ag cur comhairle ar fáil do rialtas na tíre sin faoin daonlathas agus cearta daonna.[12]

Cuireadh na ciontuithe ar neamhní ar 14 Márta 1991 agus bronnadh cúiteamh idir £840,000 go £1,200,000 an duine.

Iarmhairtí cuir in eagar

Tá eachtraí Birmingham sna téacsleabhair dlí i ngeall ar an iomrall ceartais a bhain le ciontú sheisear Birmingham san éagóir. Cuireadh "seisear Birmingham" sa phriosún ar feadh 16 bliana, agus d'éalaigh na daoine b'údar leis an mbuamáil óna n-ionchúiseamh.[13]

Tharraing iompar na bpóilíní droch-cháil orthu féin agus mímhuinín i riar na córa gan blas maitheasa a dhéanamh do na híobartaigh.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Póilín Ní Chiaráin (2016). "Ceisteanna i gcónaí faoi Birmingham agus Kingsmills" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  2. Maitiú Ó Coimín (2017). "Leithscéal gafa ag buamadóir de chuid an IRA faoi bhuamáil Birmingham" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  3. Nuacht RTÉ (2019-04-05). "'Foláireamh lochtach ba chúis le maruithe i mBirmingham'" (as ga-IE). 
  4. Nuacht RTÉ (2020-11-18). "Fear gafa i mBéal Feirste faoi bhuamálacha Birmingham" (as ga). 
  5. Michael Hayes sa bhliain 2017ː "It was only later on that we realised there was eight valuable minutes missed. We were going to give them a half-hour warning. "Out of that half hour, eight minutes elapsed - eight priceless minutes." He said that as he understood it one of the phone boxes used for the telephone warnings was broken and another one was being used.
  6. legislation.gov.uk (1974). "Prevention of Terrorism (Temporary Provisions) Act 1974". Dáta rochtana: 2021.
  7. Lord Denning i 1980ː "Just consider the course of events if their action were to proceed to trial ... If the six men failed it would mean that much time and money and worry would have been expended by many people to no good purpose. If they won, it would mean that the police were guilty of perjury; that they were guilty of violence and threats; that the confessions were involuntary and improperly admitted in evidence; and that the convictions were erroneous. ... That was such an appalling vista that every sensible person would say, "It cannot be right that these actions should go any further.". "Birmingham pub bombings 40 years on: why there is still no closure" (en-GB). University of Birmingham. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  8. Monsignor Réamonn O Muirí, duine dena sagairt a bhí gníomhach i bhfeachtas Birmingham Six agus cásanna eile (Meitheamh 2014). "RTÉ Radio Player". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  9. 9.0 9.1 Tony Birtill (EAGRÁN 95 · MÁRTA 2009). "Breandán Mac Lua 1935-2009" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  10. Chris Mullin (1986). "Error of Judgement (ISBN13: 9781853710902)". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  11. Alan Titley. "Sasanaigh mhaithe" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  12. 12.0 12.1 Tony Birtill (2006). "Cruachás na bpríosúnach poblachtánach le linn na dTrioblóidí" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  13. Office of the President of Ireland. "Diary President And Sabina Visit Birmingham Bombings Memorial" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-03-14.