Sergey Dovlatov

scríbhneoir Sóivéadach

Bhí Sergey Donatovich Dovlatov (nó Dovlatov-Mechik, Серге́й Дона́тович Довла́товДовлатов-Мечик) ar scríbhneoirí móra na Rúise san fhichiú haois. Rugadh in Ufa ar an 3 Meán Fómhair 1941, agus básaíodh i Nua-Eabhrac é ar an 24 Lúnasa 1990.

Infotaula de personaSergey Dovlatov
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Сергей Донатович Довлатов
Beathaisnéis
Breith(ru) Сергей Донатович Мечик
3 Meán Fómhair 1941
Ufa, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Lúnasa 1990
48 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisCliseadh croí
Áit adhlacthaMount Hebron Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSchool # 206 (en) Aistrigh
Graduate School of Journalism and Mass Communication (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Taillinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, comhfhreagraí, tour guide (en) Aistrigh, iriseoir, príomheagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1960 –
TeangachaAn Rúisis agus Béarla
Teaghlach
CéileAsya Pekurovskaya (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDonat Mechik (en) Aistrigh

IMDB: nm0235582 Find a Grave: 14669415 Cuir in eagar ar Wikidata
Teach Dovlatov, cuimneacháin

Saol cuir in eagar

Ba iad tuismitheoirí Dovlatov an stiúrthóir amharclainne Donat Isaakovich Mechik agus an t-eagarthóir liteartha Nora Sergeyevna Dovlatova. Tháinig Sergey Dovlatov chun saoil in Ufa, ach ón mbliain 1944 i leith, bhí cónaí ar an teaghlach i Leningrad.

Sa bhliain 1959, chuaigh Sergey ag foghlaim an léinn Fhionlannaigh san ollscoil, agus chaith sé dhá bhliain go leith i mbun an staidéir seo. Bhí sé mór le Joseph Brodsky agus lena lán daoine eile a bhí le dul le scríbhneoireacht agus le filíocht.

Níor éirigh an staidéar le Dovlatov go rómhaith, agus sa deireadh, ruaigeadh as an ollscoil é. Ina dhiaidh sin, b'éigean dó dul sna saighdiúirí, agus chaith sé trí bliana ar fiannas i dtrúpaí na Roinne Gnóthaí Inmheánacha - ina shéiléir, go bunúsach. Nuair a d'fhill sé abhaile, ní raibh deireadh leis na scéalta a bhí le hinsint aige dá chuid cairde i saol na litríochta. Thosaigh sé ag staidéar iriseoireachta agus ag scríobh gearrscéalta. Chuaigh sé ag obair i nuachtán na hollscoile teicneolaíochta.

Scríbhneoiríeacht cuir in eagar

Sna blianta 1972-1975, bhí Dovlatov ina chónaí san Eastóin, a bhí ina "poblacht" Shóivéadach san am. Shaothraíodh sé a chuid ag iriseoireacht san am, agus é ag scríobh altanna do na nuachtáin áitiúla Rúisise. Thairis sin, áfach, is iomaí cineál eile oibre a chleachtadh sé. Mar shampla, bhí sé ina threoraí ag na turasóirí i bpáirc náisiúnta in aice le Pskov. Sa bhliain 1975, chuaigh Dovlatov ar ais go Leningrad, agus é ag iriseoireacht ansin chomh maith.

Bhí Dovlatov ag scríobh gearrscéalta an t-am ar fad, ach is fuar an fháilte a fuair a chuid scríbhinní sna hirisí liteartha. D'éirigh leis scéilín amháin a fhoilsiú sa bhliain 1974 san iris Юность/Yunost ("An tAos Óg"), ach nuair a bhí an teach foilsitheoireachta úd Eesti Raamat ("An Leabhar Eastónach") ar tí an chéad leabhar le Dovlatov a chur i gcló, choisc an KGB an foilsiú.

 
Teach Dovlatov

Bhí irisí na ndeoraithe Rúiseacha sna tíortha Iartharacha sásta scríbhinní le Dovlatov a phriontáil, rud nár thaitin leis na húdaráis san Aontas Sóivéadach féin.

Deoraíocht cuir in eagar

Le teacht slán ón ngéarleanúint, d'éalaigh Dovlatov leis, ar dtús go Vín, agus ina dhiaidh sin go Nua-Eabhrac. Sna Stáit Aontaithe, thosaigh sé féin ag foilsiú na hirise Новый американец/Novyi amerikanets ("An Meiriceánach Nua").

Foilseachán liobrálach do lucht na deoraíochta ón Aontas Sóivéadach a bhí ann. Anois, chuaigh a chuid leabhar i gcló ceann i ndiaidh a chéile, agus i lár na n-ochtóidí, bhí an New Yorker sásta na chéad aistriúcháin Bhéarla a fhoilsiú.

Fuair Sergey Dovlatov bás i Nua-Eabhrac le taom croí, i Nua-Eabhrac ar an 24 Lúnasa 1990.

Oidhreacht cuir in eagar

Inniu, áirítear Dovlatov ar na scríbhneoirí is mó a thaitníonn leis an ngnáthléitheoir Rúiseach. Bhí cluas mhaith aige don teanga labhartha, agus stíl ghonta ghreannmhar aige.

Ba iad na gearrscéalta ba mhó a thabhaigh a chlú dó, ach thairis sin, scríobh sé cúpla úrscéal gairid freisin, ar nós Иностранка/Inostranka ("An Bhean ón gCoigríoch"), Заповедник/Zapovednik ("An Pháirc Náisiúnta") agus Зона/Zona ("An Crioslach").

Tá an tríú leabhar an-spéisiúil acu siúd a bhfuil scríbhinní Aleksandr Solzhenitsyn faoi Oileánra na gCampaí Géibhinn léite acu, nó is cur síos é ar an saol i gcampaí géibhinn an Aontais Shóivéadaigh é chomh maith, ach is í peirspictíocht an tséiléara atá i gceist ag Dovlatov.

Tagairtí cuir in eagar