Is éan clóis é an sicín. Is baill d'fhine na Phasianidae iad na sicíní. Gallus gallus domesticus a thugtar orthu mar ainm eolaíoch. Sa bhliain 2003, bhí breis is 24 billiún sicín ann ar fud an domhain.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSicín
Gallus gallus domesticus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo debrollach sicín, circeoil agus ubh shicín Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdGalliformes
FinePhasianidae
GéineasGallus
FospeiceasGallus gallus domesticus Cuir in eagar ar Wikidata

Tugtar coileach ar an bhfireannach agus tugtar cearc ar an mbaineannach.

Tréithe cuir in eagar

Eitilt cuir in eagar

Cé go n-úsáideann formhór na n-éan a n-eití chun eitilt, níl sicíní rómhaith ag eitilt. Tá siad in ann eitilt go dtí a bpéirsí nó thar an claí ach den chuid is mó den am, fanann siad ar an talamh. Tá lachain agus géanna go maith ag eitilt. Má tá siad ina gcónaí i gcró atá oscailte ar barr, bíonn ar an bhfeirmeoir cléití eite amháin a bhearradh ionas nach mbeidh siad in ann eitilt as an gcró. Tá an bearradh cleití seo mar bhearradh gruaige agus ní ghortaíonn sé an t-éan.[1]

Comparáid cuir in eagar

Tá sicíní agus turcaithe cosúil lena chéile maidir le dhá phríomhthréith. Tá cosa ar a dtugtar crúibíní ag an dá cheann acu. Tá na crúibíní seo an-láidir agus úsáideann siad iad chun tochailt sa chré chun bia a fháil. Ina theannta sin tá goba géara ag an dá cheann acu chun bheith ag gobadh ar fheitheidí agus ar ghráinní.[1]

Seanfhocail agus nathanna cainte cuir in eagar

Cearc cuir in eagar

  • Is minic ubh mhór ag cearc bheag.
  • Is trom cearc i bhfad.
  • Chuirfeadh sé cosa faoi chearca duit.
  • Chomh salach le teach na gcearc.
  • Is olc an cearc ná scríobfaidh do féin.
  • Is maith an cearc ná beireann amuigh.

Coileach cuir in eagar

  • Glaonn gach coileach go dána ar a atrainn fhéin.

Sicín cuir in eagar

  • Ní féidir ceann sicín a chur ar sheanchearc.
  • Sicín fómhair, Dónaillín geimhridh

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 agriaware.ie. "Bia ón bhfeirm". Dáta rochtana: 2023.

Naisc cuir in eagar