Próiseas atá bunaithe ar an néalú, athrú an uisce sholadaigh san oighear go díreach ina ghal, gan dul tríd an staid leachtach. Go maith chun ábhair orgánacha a bhfuil an-chuid uisce ina struchtúir — torthaí, glasraí is feolta — a chaomhnú. Cuirtear an bia i seomra fuar ag timpeall -46 °C. Tar éis an bia a reo cuirtear i seomra folúsaithe é, áit a néalaíonn an t-oighear gasta go leor. Fágtar gach pioc blasta is cothaitheach eile den bhia. Ansin stóráiltear an t-ábhar tirim i soithigh aeróbacha, atá díonta ar uisce is ocsaigin. Is féidir an bunbhia a fháil ar ais ach an t-ábhar tirim a ath-hiodráitiú. Baineadh feidhm as i rith an dara cogadh domhanda chun fuilphlasma a chaomhnú le húsáid ar láthair na cogaíochta. Ó timpeall 1970 tá an próiseas curtha i bhfeidhm ar na céadta bianna.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Siocreo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 600.