An comhchumar ina bhfuil bearna fhíorthanaí, idir dhá chill néarógacha (néaróin) nó idir néarón is cill mhatánach. Tarchuirtear comharthaí trasna na bearna seo ó chill go cill. Tugtar néaratharchuradóirí ar na ceimiceáin a fheidhmíonn chun na comharthaí seo a iompar.

Tá 1,000-10,000 sionapsa ag gnáthnéarón amháin in inchinn an duine le néaróin eile, agus meastar mar sin go bhfuil oiread agus 10 milliún milliún (1013) sionapsa san inchinn, rud a chruthaíonn gur iontach é cumas na hinchinne chun eolas a stóráil is a phróiseáil. Meastar gur féidir eolas a phacáil timpeall 10,000 oiread níos dlúithe san inchinn ná i gcuimhne ríomhaire.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sionapsa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 601.