Is éard is sléibhteoireacht ann ná ealaínspórt na dreapadóireachta ar shléibhte. I gcás sléibhte arda, féadfaidh go mbeadh dreapadh ar oighear, carraigeacha, nó sneachta a bheith i gceist. Cé gur thosaigh sléibhteoireacht mar iarracht ag an duine an pointe is airde ar shliabh áirithe a dhreapadh roimh duine ar bith eile, sa lá atá inniu ann bíonn trí ghnéith eile san áireamh: carraigcheird, sneachtacheird, agus sciáil ag brath ar cibé an bhfuil ab bealach a roghnaíodh ar shneachta, ar charraigeacha, nó ar oighear. Bíonn taithí, cumas lúthchleasaíochta, agus eolas teicniúil riachtanach le haghaidh sábháilteachta a chothabháil. Is e an UIAA, nó an Union Internationale des Associations d'Alpinisme an coiste domhanda rialaithe don sléibhteoireacht agus dreapadóireacht, a théann i ngleic le saincheisteanna cosúil le rochtain, leigheas, sábháilteacht, cosaint sléibhte, an óige agus oighear dreapadóireachta.

An dreapadóir Owen Glynne Jones ón a chuid leabhar Rock-climbing in the English Lake District, Keswick, Cumberland County, England: G.P. Abraham & Sons, 1911

Stair cuir in eagar

Tá fianaise ann gur dhreap daoine sna hAlpa chomh fada siar agus 5,300 bliain ó shin, mar is léir ón mumaí a bhfuarthas i Meán Fómhair 1991 sna hAlpa Ötztal, in aice le Hauslabjoch ar an teorainn idir an Ostair agus an Iodáil.

  • Dhreap Empédocles Sliabh Etna sa chúigiú haois RC agus an tImpire Haidrian í sa 2ú haois.
  • I litir chun a chara Francesco Dionigi, mhaígh Petrarca gur dhreap sé Mont Ventoux ar 26 Aibreán, sa bhliain 1336 lena dheartháir agus dhá seirbhíseach, "spreagth amháin leis an mhian chun chuairte a thabhairt ar áit a raibh clú agus cáil ar a hairde uirthi."
  • Sa bhliain 1492, dhreap Antoine de Ville Mont Aiguille i ndiaidh orduithe a fháil ón Rí Charles VIII na Fraince. Is é seo an chéad dreapadh ina raibh teicníochtaí sléibhteoireachta in úsáid.
  • Ar an 20 Meán Fómhair, sa bhliain 1770, shroich na deartháireacha De Luc, scoláirí na Ginéive, an chéad mhullach de Mhont Buet amach (theip orthu roimhe sin sa bhliain 1765). Aithnítear seo mar an chéad dhreapadh eipiciúil ar sna hAlpa arda.
  • Glactar leis go ginearálta gurb é Horace-Benedict Saussure chéad aireagóir na sléibhteoireachta sa bhliain 1786 nuair a thairg sé an chéad duais don chéad duine a dhreapadh Mont Blanc (la montagne maudite). Ar 8 Lúnasa, 1786, ba iad Jacques Balmat agus Michel Paccard ó Chamonix a chéad dhreap Mont Blanc.

Naisc sheachtracha cuir in eagar