Is éard is biashlabhra ann ná ord orgánach ar leibhéil leanúnacha ite (leibhéil thrófacha) taobh istigh d'éiceachóras ina malartaítear fuinneamh trí ithe. Tagann fuinneamh isteach sa slabhra bia trí fhótaisintéis i bplandaí glasa (na príomhtháirgeoirí), téann ar aghaidh do na féaritigh (na príomhthomhaltóirí) nuair a itheann siad plandaí, agus ina dhiaidh sin do na feoilitigh (na tomhaltóirí tánaisteacha is treasacha) nuair a sheilgeann is a itheann siad na féaritigh. I ndáiríre, bíonn slabhraí bia comhcheangailte i líonra casta bia. Braitheann an cine daonna ar dhá shlabhra bia, nó scamall bia, chun an fuinneamh is na hábhair is gá i gcomhair na beatha a fháil. Tosaíonn slabhra amháin leis na plandaí is na fiotaplanctóin mara, agus cuimsíonn na hainmhithe a itheann iad sin, na héisc eile a itheann iad sin, agus mar sin de go dtí an duine a itheann éisc. Sa slabhra eile tá na plandaí tíre, na hainmhithe a itheann iad, agus na daoine a itheann iad sin. Is léirithe iad na slabhraí bia ar conas a bhraitheann speicis is gnéithe úile an Domhain ar a chéile. Má chuirtear isteach an iomarca ar ghnéithe ar leith, ní féidir a rá go minic cad é an toradh ar ghnéithe eile. Mar shampla, tá baol is imní ann go gcuirfidh an poll sa chiseal ózóin isteach go trom ar sholáthar na bhfiotaplanctón sa bhfarraige, rud a dhéanfadh dochar do tháirgeadh iasc ar fud an Domhain.[1]

(Thuas) Biashlabhra samplach ar an talamh, (thíos) ceann san fharraige

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Slabhra bia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 605.