Déantar an struchtúr seo as a lán tointí caola gloine, gach ceann acu le clúdach de ghloine eile ar a fhad. I gcroílár na tointe, tá gloine le luach ard comhéifeacht athraonta, agus comhéifeacht athraonta íseal ag an gclúdach.

Nuair a ionsaíonn ga solais, go príomha ga léasarsholais, an teorainn idir na gloiní seo agus é claonta ó thaobh na gloine inmheánaí, frithchaitear go hiomlán é. Mar sin, nuair a lonraítear ga solais isteach ceann amháin den tointe, frithchaitear go hiomlán arís is arís eile é go ndéanann sé a bhealach amach tríd an gceann eile.

Tarlaíonn sé seo gan ach maolú beag solais ar feadh an chúrsa tríd an tointe, is cuma cé chomh lúbtha is atá an tointe. Bíonn an ga solais sáinnithe inti, agus is féidir solas a stiúradh in aon treo is maith leat ach an tointe a dhíriú. Feidhmíonn an tointe mar a bheadh píopa solúbtha solais inti.

De ghnáth bíonn a lán tointí i snáithín ar bith, agus cuireann sé seo ar ár gcumas a lán solais a stiúradh ó áit amháin go dtí aon áit eile.

Is iomaí úsáid a bhaintear as na gléasanna seo inniu, chun solas a sheoladh go dtí nó amach as ionaid dhoshroichte eascairdiúla agus chun comharthaí a tharchur go tapa éifeachtach i bhfeidhmeanna teileachumarsáide.

Is féidir i bhfad níos mó comharthaí digiteacha — glaonna teileafóin, mar shampla, nó sonraí ríomhaire—a sheoladh ag an am céanna ar feadh snáithín optúil ná ar feadh sreang copair, agus mar sin tá comhlachtaí teileafóin ar fud an Domhain i mbun snáithíní a insealbhú in ionad na sreanga copair.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Snáithín optúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 609.