Somhairle MacGill-Eain

file Albanach

File cáiliúil Albanach ab ea Somhairle MacGill-EainSorley MacLean (26 Deireadh Fómhair 1911 - 24 Samhain 1996).[1] Aithnítear Somhairle MacGill-Eain ar mhórfhilí na fichiú haoise i nGaeilge na hAlban. Rugadh é ar oileán Ratharsair, gar don t-Eilean Sgitheanach. Cainteoir dúchais Gàidhlig a bhí ann.

Infotaula de personaSomhairle MacGill-Eain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Deireadh Fómhair 1911
Ratharsair, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Samhain 1996
85 bliana d'aois
Na hOileáin Laistigh, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhoide
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann
Àrd-sgoil Phort Rìgh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisGaeilge na hAlban
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, aistritheoir, múinteoir scoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirÀrd-sgoil Phort Rìgh
Ardscoil Boroughmuir
Ardscoil Thobar Mhoire
Árd-sgoil a' Phluic Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
SiblínCalum Iain MacGillEathain

Suíomh gréasáinsorleymaclean.org Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 1aee5c2d-4d83-4c90-bef2-59f76827bbe8 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Chaill MacGill-Eain a chreideamh Preispitéireach agus é ina dhéagóir. D'fhreastail sé ar Ollscoil Dhún Éideann agus d'imir sé iománaíocht ar son an choláiste.

Thosaigh sé ag scríobh filíochta as Béarla, ach tar éis dó a chéad dán Gàidhlig, "An Corra-Ghridheach," a chumadh bheartaigh sé gurbh fhearr a d'éireodh leis sa teanga sin.

 
plaic chuimhneacháin

Bhí sé ina bhall d'arm na Breataine san Afraic Thuaidh i rith an Dara Cogadh Domhanda agus bhí sé gortaithe trí huaire, go dona uair amháin. Cummannach a bhí in MacGill-Eain go lár na 1940í. Phós sé Catriona Cameron ó Inbhir Nis agus bhí triúr iníon acu.

 
Uaimh

Dúirt MacGill-Eain gurb é Séamas Ó Conghaile "an laoch atá níos ionúine dom thar gach uile ní". Théadh sé go hÉirinn go minic, agus nuair a thug sé cuairt ar Phríosún Cill Mhaighneann dúirt sé gur spreag radharc léine fuilteach an Conghaileach "mothúcháin spioradáilte" ann.

Fuair sé bás le hadhairt ar 24 Samhain 1996, in aois 85 bliain dó.

As Gaeilge cuir in eagar

Sa bhliain 2013 d’fhoilsigh Coiscéim Ó Choill go Barr Ghearáin, rogha dánta de chuid Shomhairle a d'aistrigh Paddy Bushe go Gaeilge.[2][3] Tá a chuid dánta anseo, chomh maith le haistriúcháin den scoth ag Paddy Bushe a ligfidh don phobal Gaeilge na hÉireann aithne a chur ar dhuine de na scríbhneoirí is fearr agus is tábhachtaí inár gcomhthraidisiún Gaelach.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Sorley MacLean Official Website". www.sorleymaclean.org. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  2. "Ó Choill go Barr Ghearáin le Somhairle MacGill-Eain". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  3. "Ó Choill go Barr Ghéaráin" (en-GB). Litríocht (2013-10-25). Dáta rochtana: 2020-11-24.