B'é Sorastar, nó Zoróstar (Gréigis: Ζωροάστρης, Zōroastrēs) nó Zarathustra (Aivéistis: Zaraθuštra), nó Zartosht (Peirsis: زرتشت), an fáidh seanársa Iaránach a chuir tús leis an Sóróstarachas. B'é an Sóróstarachas reiligiún náisiúnta na Peirse nuair a bhí an rítheaghlach Sasánach á rialú. Inniu, is iad na Parsaigh san India is mó a urramaíonn Sorastar.

Infotaula de personaSorastar

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1500 "RCh" ↔ 550 "RCh"
luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1500 "RCh" ↔ 520 "RCh"

luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisluach anaithnid
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Sóróstarachas
Gníomhaíocht
Gairmfáidh, scríbhneoir, file, father of faith (en) Aistrigh, míorúilteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Aivéistis
Teaghlach
CéileHvōvi Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePorvchyista, Isat Vastar Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPorushaspa (en) Aistrigh  agus Dohodo

Musicbrainz: e6c143f8-95f5-4fa9-8acc-869703785eb4 Cuir in eagar ar Wikidata

Glactar leis go coitianta gur pearsa stairiúil a bhí i Sorastar seachas laoch seanchais amháin, ach is ábhar conspóide é i gcónaí cén t-am a bhí sé beo. Is iomaí meastachán scolártha a shuigh é sna blianta timpeall ar 1200 r. Chr., ach is dóigh le scoláirí eile gur féidir go raibh sé ann in aon am idir an ochtú haois déag agus an séú haois r. Chr.