Cúige i dtuaisceart na Spáinne atá in Soria, atá suite sa chuid thoir de phobal féinrialaitheach Castilla y León.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSoria
Provincia de Soria (es) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 41°40′N 2°40′W / 41.67°N 2.67°W / 41.67; -2.67
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneCastilla y León Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairSoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán88,747 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús8.61 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla10,303 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMoncayo (en) Aistrigh (2,313 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleJalón (750 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síProvince of Calatayud (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinDiputación Provincial de Soria (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist42 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-SO Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES417 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh42 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáindipsoria.org Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Soria an cúige Spáinneach atá go mór fada tearc ar dhaonra, agus gan ach 8.6 duine/km² - is é sin ceann de de cinn is lú san Aontas Eorpach. Tá 88,636 duine ina gcónaí sa chúige de réir na hInstitiúide Náisiúnta um Staidreamh agus Dhaonáirimh (Instituto Nacional de Estadística y Censos). Agus astu sin tá 44.44% acu ag cur fúthu i bpríomhchathair an chúige, ar a dtugtar Soria chomh maith. Anuas air sin, tá an lucht chónaithe ar cheann de na daonraí is aosta san Eoraip; tá na cúig bliana is ceithre scór slánaithe ag 6% den daonra.

Tá breis is 500 lárionad daonra uirbigh sa chúige, agus iad roinnte ine 183 láionad bardasaíochta. Astu siúd tá níos mó ná leathcuid acu (116) ann a bhfuil níos lú ná 100 duine ina gcónaí iontu. Níl ann ach ceann déag díobh a bhfuil níos mó ná 1,000 duine ina gcónaí iontu. Sáraítear an daonra thar chúig mhíle daoine sna trí bhailte móra seo a leanas: Almazán, El Burgo de Osma agus cathair Soria.

Tá an aimsir sa chúige faoi réir ag an meánairde ard (1025 méadar) agus ag na raonta sléibhte atá suite i dtuaisceart an chúige. Áirítear dúichí áirithe sa chuid thoir agus sa chuid theas den chúige in abhantrach an Ebro tríd an gcraobh-abhainn ar a nglaoitear Jalón. Ó thuaidh tá dhá chraobh-abhainn ann, mar atá Alhama agus Cidacos, a bhfuil an Ebro mar cheann scríbe dóibh. Sin ráite, is ionann mórchuid an chúige agus uiscí uachtair abhantrach an Duero.

Aithnítear dúichí éagsúla laistigh den chúige. Tá Dúiche Ágreda ann, a bhfuil baile mór Ágreda mar phríomhbhaile dó, a bhfuil teorainn aici le comhphobal féinriailitheach Aragón agus atá suite faoi scáth an bholcáin Moncayo. Tá dúiche ann ar a nglaoitear Ardlchlár Soria. Dúiche an arbhair agus an mheacain bhiatais é Gleann Duero. Ar an teorainn le cúige Burgos, tá Dúiche Pinares ann, áit a bhfuil na sléibhte Picos de Urbión suite, mar a bhfuil foinse abhann an Duero agus an Murlach Dubh cáiliúil (nó Laguna Negra) arb údar spreagtha é don fhile mór le rá Antonio Machado dá dhán La tierra de Alvar González (Tailte Alvar González). Is ceantar bocht garbh iad na Críocha Arda san oirthuaisceart, ach tá an icnít le fáil go flúirseach ann. Agus ar deireadh, tá dúichí ar a dtugtar Soria Theas, áit a dtáirgtear an t-arbhar agus a bhfuil saibhreas beostoic olla ann, dúiche atá suite in aice na teorann le Cúige Segovia agus le Cúige Guadalajara.

Ba é Soria an chéad chúige sa Spáinn inar casadh an comhartha teilifíse digití air ar an 23 Iúil 2008, rud a ndearnadh tagairt dó i bPleann Gníomhartha Sonrach ar son Soria (Plan de Actuación Específico para Soria). Ba é ba chúis leis, i ndáiríre, múchadh na gcomharthaí náisiúnta analóige a bhíodh á gcraoladh ó na crainn chraoltóireachta don phríomhchathair agus don tríú cuid den chúige.

Tagairtí cuir in eagar