Galileo (taiscéalaí spáis)

(Athsheolta ó Spásárthach Galileo)


Taiscéalaí spáis ab ea Galileo. Lainseáladh an spásárthach sa bhliain 1989 ón tointeálaí spáis ag NASA. Shroich sé Iúpatar i 1995.[1]

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisGalileo

Cineál miseanclár NASA
Oibritheoir   Jet Propulsion Laboratory
   Ames Research Center (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ar 11 Nollaig 1990, thóg grianghrafanna den domhan
Rinne Galileo tomhais ar mhaighnéadaisféar Ganymede sa bhliain 1996

Rinne sé atmaisféar Iúpatair a thástáil go díreach, gealacha Galileo a iniúchadh go mion, agus pictiúir de na príomhghealacha sin a tharchur a bhí suas le 100 oiread níos géire ná na pictiúir a ghlac Voyager 2 sa bhliain 1979.

Rinne Galileo tomhais ar atmaisféar is maighnéadaisféar an phláinéid. Don chéad uair, bhí teagmháil aige le hastaróideach (ar tugadh Gaspra air), agus thóg grianghrafanna de ghealach astaróidigh, arís don chéad uair. Bhí sé in ann pictiúir a thógaint d'imbhualadh 20 giota de chóiméad Shoemaker-Levy le taobh na hoíche d'atmaisféar an phláinéid i 1994.

D'fheidhmigh Galileo cúig bliana ar a laghad níos faide ná a bhí beartaithe, agus dódh é in atmaisféar Iúpatair sa bhliain 2003.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 

Naisc sheachtracha cuir in eagar