Is cnuasach rudaí a dtugtar veicteoirí orthu é spás veicteoireach, rudaí is féidir a shuimiú agus a iolrú (a “scálú”) le huimhreacha a dtugtar scálaigh orthu.

Is minic a shíltear gur fíor-uimhreacha iad scálaigh, ach chomh maith leo sin tá spáis veicteoireacha ann le hiolrú scálach trí uimhreacha casta nó trí uimhreacha cóimheasta.

Caithfidh suimiú scálach agus iolrú scálach riachtanais áirithe a chomhlíonadh a dtugtar “aicsímí” (buntairiscintí a nglactar leis go bhfuil siad fíor) orthu.