Is éard atá i gceist leis an spásaimsir nó le haimsir an spáis ná na hathruithe i gcoinníollacha an spáis in aice leis an Domhan, is é sin, idir atmaisféar na Gréine agus atmaisféar an Domhain.

Na Gealáin Theas (Aurora Australis), Bealtaine 1991

Ní hionann é agus aimsir sa chiall chúng, is é sin, athruithe na coinníollacha in atmaisféar pláinéadach an Domhain (an trópaisféar agus an strataisféar). Is ionann an spásaimsir agus na hathruithe sa phlasma, sna réimsí maighnéadacha, sa radaíocht agus i saintréithe eile an spáis a thimpeallaíonn an Domhan.

An chuid is mó de na hathruithe sa spasaimsir, is é is cúis leo ná an fuinneamh a iompraíonn an ghrianghaoth ó réigiúin an spáis in aice leis an nGrian agus ó atmaisféar na Gréine, is é sin, an crómaisféar agus ón gcoróin. Cé go samhlaítear coincheap na spásaimsire leis an spás in aice leis an Domhan,

is féidir tagairt a dhéanamh d'aimsir an spáis idirphláinéadaigh agus an spáis idir-réaltaigh féin. Níor tháinig coincheap na spásaimsire in úsáid ach sna nóchaidí. Roimhe sin, ghlactaí leis na feiniméin a dtugtar spásaimsir orthu inniu mar chuid den fhisic, den aeranomaíocht nó den spástaiscéalaíocht.

Tagairtí cuir in eagar