Speiceas is lú imní

catagóir caomhnaithe an AICD

Is éard is speiceas is lú imní (LI) ann, ná speiceas atá rangaithe ag an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (AICD) a mheas nach fócas caomhnaithe speiceas é. Ní cháilíonn sé go bhfuil siad i mbaol, cóir a bheith i mbaol, nó (roimh 2001) caomhantas-spleách.

Ní féidir an catagóir is lú imní (Béarla: Least Concern) a shannadh do speiceas mura ndearnadh meastóireacht ar a stádas daonra. Is é sin, tá faisnéis leordhóthanach ag teastáil chun measúnú díreach, nó indíreach, a dhéanamh ar riosca a dhíothaithe, bunaithe ar a dháileadh nó ar a stádas daonra.

Ó 2001 tá an giorrúchán "LC" (ón Bhéarla 'Least-concern) sa chatagóir, 'Categories & Criteria' (version 3.1) de chuid an AICD.[1] Mar sin féin, úsáideann thart ar 20% den tacsóin "is lú imní" (3261 de 15636) i mbunachar sonraí AICD an cód "LR / lc", a thugann le fios nach ndearnadh athmheastóireacht orthu ó 2000. Roimh 2001 bhí “LI” ( "is lú imhí" nó of "least-concern" sa Bhéarla) mar fhochatagóir den chatagóir “Riosca Íochtarach” ("Lower Risk" sa Bhéarla) agus sannadh an cód “LR / lc” nó "lc" dó.

Cé nach measann an AICD "imní is lú" mar chatagóir sa liosta dearg, sannann Liosta Dearg an AICD 2006 an catagóir do 15636 tacsón fós. Is é líon na speiceas ainmhithe atá liostaithe sa chatagóir seo ná 14033 (lena n-áirítear roinnt speiceas neamhléirithe mar fhrog ón ngéineas Philautus [2] ). Tá 101 fospeiceas ainmhithe liostaithe agus 1500 tacsón plandaí (1410 speiceas, 55 fospeiceas, agus 35 cineál). Níl an t-aicmiú ag aon fhungasprotista, cé nach ndearna an AICD ach ceithre speiceas sna ríochtaí sin a mheas. Cáilíonn daoine don chatagóir seo, agus in 2008 rinne an AICD measúnú foirmiúil orthu [3].

Liosta de na speicis LI cuir in eagar

Nótaí agus tagairtí cuir in eagar

  1. The IUCN Red List of Threatened Species. https://www.iucnredlist.org/
  2. The IUCN Red List of Threatened Species
  3. Homo sapiens (human),Global Mammal Assessment Team 2008. The IUCN Red List of Threatened Species, 2008

Naisc sheachtracha cuir in eagar